Cartlanna Ranga: Uimhearthact // Numeracy

‘Speed-Dating’ Matamaitice

2016-02-01 10.23.58

Bíonn ‘speed-dating’ ar siúl againn sa mhata go minic. Is bealach iontach é seo chun druileanna agus cleachtadh a dhéanamh ar scileanna áirithe nó, dár ndóigh, chun dul siar a dhéanamh. Tá níos mó obair ghníomhach i gceist leis ná leathanaigh ón dtéacsleabhar a chríochniú agus foghlaim níos doimhne agus níos fearr ar siúl chomh maith.  Seo mar a oibríonn sé.

We do ‘speed-dating’ in maths very often. It’s a great way to practice and to drill on certain skills or, indeed, to review and assess topics. This is much more active than completing pages from the textbook and also results in deeper understanding and better learning. Here’s how it works.

Bíonn clár bán beag ag gach páiste. (Is féidir páipéar lánaithe a úsáid muna bhfuil cláracha bána agat). Suíonn siad i mbeirteanna, ag breathnú ar a chéile. Roinntear an clár bán ina dhá leath. Ansin leanann siad an próiséas seo – tógann gach ceist 8 nóiméad. Bogann duine amháin as gach beirt ar aghaidh go páirtnéir nua i ndiaidh gach ceist.

Each child has a mini whiteboard. (You can use laminated paper if you don’t have mini whiteboards). They sit facing each other in pairs. They draw a line down the centre and split the whiteboard in two halves. Then they follow the process below – each question takes 8 minutes. One from each pair moves to a new partner after each question.

2016-02-01 10.50.58

Nóim / Min 1 – 2  :   Faigheann siad dhá nóiméad an cheist a dhéanamh go neamhspleách ar dtús, gan labhairt l’éinne eile. Déanann siad seo ar thaobh amháin den chlár bán. They get two minutes to attempt the question independantly at first, without conferring with anybody else. They do this on one side of the whiteboard.

Nóim / Min 3 – 4  :   Ansin, bíonn dhá nóiméad acu labhairt lena ‘date’ faoi, le feiceáil an bhfuil sé déanta sa bhealach céanna acu agus an bhfuil an freagra céanna faighte acu. They then get two minutes to discuss it with their ‘date, to see did they attempt it the same way, and did they get the same answer.

Nóim / Min 5 – 6  :   Déanann an múinteoir os comhair an ranga é agus breacann siad síos an freagra ceart ar an taobh eile den chlár bán. (Feicfidh sibh sna griangrafanna go gcuireann mo rang ‘Mise’ agus ‘Múinteoir’ ar an dá taobh). The teacher does it in front of the class and they take down the correct answer on the other side of their whiteboard. (You’ll see from the photos that my class put ‘Mise’ and ‘Múinteoir’ on either side).

Nóim / Min 7 -8  :   Don dá nóiméad deirneach, labhrann siad le chéile arís ag déanamh comparáide idir an rud a rinne siad féin agus an rud a rinne a múinteoir. Cuireann siad ciorcal timpeall ar aon botúin atá déanta acu, go bhfeicidís an bhfuil na botúin céanna á dhéanamh go minic acu. For the final two minutes, the speak to their partners again and compare what they’ve done with what the teacher has done. They circle any mistakes they’ve made so that they can see if they’re making the same mistakes on a regular basis.

 

Seo cúpla griangraf dúinn á úsáid chun cleachtadh a dhéanamh ar an roinnt fhada, ach d’fhéadfá é a úsáid le scileanna éagsúla agus le gach aoisghrúpa. Bainigí sult as!

This is a few photos of us using it to practice our long division but you can use it to practice various different skills and with any age group. Enjoy it!

 

 

Freagraí: 2

Rangaithe faoi Bainistíocht Ranga // Classroom Management, Uimhearthact // Numeracy, Uncategorized

Piar-theagasc sa mhata // Peer-tutoring in maths

Piar-Theagasc (2)

Tá múinteoir iontach a oibríonn liom a rinneadh cúrsa ar an bpiar-theagasc agus na buntáistí a bhaineann leis i gcás an fhadhbréiteach sa mhata. Deirtear ar an gcúrsa go mbíonn feabhas iontach ar scileanna fadhbréiteacha na bpáistí chomh maith le hardú suntasach ar na scóranna caighdeánacha, agus an phróiséas seo in úsáid. D’úsáid sé lena rang féin anuraidh é (Rang a 5 a bhí aige) agus, creid nó ná creid, d’ardaigh na scóranna STEN sa mhata i gcás gach páiste sa rang seachas duine amháin. Mar thoradh, tá an piar-theagasc in úsáid i ngach seomra ranga sa scoil i mbliana – ó Rang 2-6.

There’s an excellent teacher working with me who did a course on peer-tutoring and the advantages of its use for problem-solving in maths. It was said on the course that it brought about major improvements in the children’s problem-solving skills as well as significant improvements in the standardised test scores. He used the process with his own class last year (it was 5th class) and, believe it or not, every child in the class, bar one, increased their STEN score in maths. As a result, peer-tutoring is now being used from 2nd – 6th class throughout our school.

Céard atá i gceist leis? // What’s involved?

2016-01-08 09.39.38

Déantar uair amháin in aghaidh na seachtaine é. It’s done once a week.

Maireann gach seisiún uair an chloig. Go pearsanta déanaim ar an Aoine é, ó 11.00 – 12.00, idir an dá sos. Each session lasts one hour. I personally do it on a Friday, from 11.00 – 12.00, between the two breaks.

Ní mór na páistí a chur i mbeirteanna de réir chumais matamaitice – páistí ar an gcumas céanna ag obair lena chéile. Úsáidim na scóranna STEN is déanaí chun seo a dhéanamh. Fanann siad leis an bpairtnéir céanna i gcónaí. You need to put the children in pairs according to mathematical ability – children of the same ability working together. I use the most recent STEN scores to do this. They then stay with that same partner each week.

Is teagascóir duine amháin ón mbeirt, as teagascaí an duine eile. Malartaíonn na rólanna seo gach seisiún, ach bíonn aon ról amháin acu i gcomhair aon seisiún amháin. One of the two is the ‘teacher’ and the other is the ‘learner’. They switch these roles each session but keep to just one role for one full session.

Ag leanúint an phróiséis atá ar an mbileog sa ghriangraf thuas, cuireann an teagascóir na ceisteanna ar an dteagascaí. Léann siad an cheist le chéile os ard, fiosraíonn siad cén cineál ceiste atá ann agus an bhfuil bealaí eile gur féidir é a chur. Labhraíonn siad faoin t-eolas atá ar eolas acu cheanna féin agus céard atá le fáil amach. Following the process laid out on the page in the above picture, the ‘teacher’ asks questions of the ‘learner’. They read the question together out loud, they figure out what type of question it is and whether there are other ways it could be asked. The speak about the information that they have already and what it is they are trying to find out.

Iarann an teagascóir ar an dteagascaí pictiúr a tharraingt agus ansin an mata a dhéanamh agus iad ag labhairt amach os ard agus iad á dhéanamh. Agus é críochnaithe, bíonn ar an dteagascaí míniú a thabhairt ar an gcaoi gur tháinig siad ar an bhfreagra agus ansin nasc simplí a dhéanamh lena saoil féin. The ‘teacher’ asks the ‘learner to draw a picture and then to do the maths while talking through it aloud. When it’s done, the learner is prompted to explain how they got their answer and to make a simple link with their own lives.

Toisc go bhfuil na beirteanna éagsúla ar chumas difriúla óna chéile gheobhaidh cuid acu níos mó déanta san uair an chloig ná cuid eile acu. I gcás mo Rang 6 féin – is idir 5 – 15 fadhbanna focail a fhaigheann siad déanta. An rud is fearr faoin bpróiséis ná go mbíonn orthu moilliú síos agus a gcuid ama a thógáil leis. Because the various pairs are at different levels of ability, some will get more done than others in the hour. In the case of my own 6th class, they get between 5 – 15 word problems done. The best thing about the process is that it makes them slow down and take their time.

Baineann na páistí an sult as seo agus eitlíonn an uair an chloig. Seo cúpla griangraf de mo rang féin ag tabhairt faoi. The children really enjoy this and the hour flies by. Here are a few photos of my own class mid-process.

Má tá siad uait, tá na hacmhainní atá de dhíth (treoracha don mhúinteoir agus na leathanaigh a bhíonn ag an dteagascóir) déanta amach agam agus tá siad ar fáil anseo. If you would like them, I’ve put toghether the resources needed (teacher instructions and the sheets needed by the ‘teacher’) and they are available here.

Piar-Theagasc

Freagraí: 2

Rangaithe faoi Acmhainní // Resources, Uimhearthact // Numeracy

2016 : Rúin Scoile na Bliana // 2016 : This year’s School Resolutions

2016-01-04 10.38.54

Cé go ndéanann muid i gcónaí ár ndícheall ar scoil – ar son na bpáistí agus, dár ndóigh, ar ár son féin – bíonn i gcónaí rud nó dhó gur féidir liom a chur i bhfeabhas. Seo 5 rúin atá le leanúint agamsa go pearsanta…..céard atá ar intinn agat féin?

While we all do our best at school all the time – for the children, and indeed for ourselves – there are always one or two things that I feel I could improve. Here are 5 resolutions that I personally am aiming to stick to…..what do you have in mind?

  1. Tabhair i bhfad níos mó moladh // Give lots more praise.

moladh

Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí. Gach seans go bhfuil sibh á mo cheistiú anois – cén sórt rún é sin? Is é beagnach an chéad rud a deirtear dúinn sna coláistí múinteoireachta éagsúla agus cinnte, bíonn páistí á mholadh agam go mion minic. Is cuid den lá scoile é, is cuid dár ról é. Ach d’fhoghlaim mé i mbliana don chéad uair, mar gheall ar pháiste áirithe atá á mhúineadh agam, an draíocht a théann le moladh. Tuigim anois – go hiomlán – an difríocht gur féidir a dhéanamh le moladh – fiú le miongháre. Mar sin, i 2016 tá mé chun i bhfad níos mó moladh a thabhairt amach agus níos minicí – ní amháin don páiste sin, ach dóibh uilig. Tá na cártaí molta as Gaeilge ar fáil anseo.

Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí. There’s every chance that you’re questioning me now – what sort of a resolution is that? It’s nearly the first thing we’re told in the various teacher training institutions and sure, I praise my students all the time. It’s part of the school day, it’s part of my role. However, it is only this year, while teaching a specific child, that I have seen the magic that goes with praise. I now understand – in a way I didn’t before – the difference that praise can make, or that even a smile can make. With that, in 2016, I will be throwing out lots more praise, lots more often – not just for that one child, but for all of my students. I have made cards to give the children (as Gaeilge) and they are available here.

Cártaí Molta

2. Piar-Theagaisc sa Mhata a thosú // Begin Peer-Tutoring in Maths

piar theagaisc

Seo rud amháin a bhí ar intinn agam a chur i bhfeidhm ag tús na bliana ach, faraor, níor tharla sé go fóill. Anois an t-am! Tá múinteoir eile a oibríonn liom a rinne cúrsa ar an bpiar-theagaisc seo agus a chur i bhfeidhm anuraidh, mar scéim píolóta sa scoil. Deirtear sa taighde go dtagann bhfeabhas cuimsitheach ar thorthaí na bpáistí agus níor chreid muid go hiomlán go dtí go bhfaca muid é – bhí sten níos airde ag gach páiste seachas duine amháin sa rang sin. Uair amháin sa tseachtain atá i gceist ina mbíonn na páistí ag obair ar fhadhbanna focail i mbeirteanna (de réir chumais) – duine amháin mar theagascóir agus an duine eile mar theagascaí. Ag leanúint an fráma ceistiúcháin múineann siad agus foghlaimíonn siad óna chéile. Scríobhfaidh mé póstáil iomlán faoi seo nuair atá sé tosaithe agam agus tá na hacmhainní ar fáil anseo.

This is one thing I had intended to implement at the beginning of the year but, unfortunately it hasn’t happened yet. Now is the time! Another teacher I work with completed a course on peer-tutoring and implemented it last year, as a sort of a pilot scheme in the school. The research all suggested that the children’s abilities and results would be greatly improved. We didn’t fully believe it until we saw it for ourselves. The children in his class went from strength to strength and all bar one increased their Sten scores at the end of the year. It involves one hour per week where the children work on word problems in pairs (according to ability) – one is the tutor, the other the students. By following a framework of questioning they teach and learn from each other. I will write a full blog post on this when I have it fully up and running and I have also made some accompanying resources which are available here.

Piar-Theagasc

3. Níos mó Turgnaimh Eolaíochta // More Science Experiments

science-experiments

Is dóigh go bhfuil muid uilig mar an gcéanna – go bhfuil rudaí éagsúla gur fearr linn múineadh agus rudaí eile nach ndéanann muid minic go leor ar chor ar bith. Tá súil agam nach díreach mise amháin atá ann. I mo chás féin, bhfearr liomsa Gaeilge nó Béarla a mhúineadh aon uair in ionad mata nó eolaíocht. Gan dabht, ní ligfinn dom féin an mhata a fhágáil ar leathtaobh agus, mar sin, ní chóir go mbeadh a leithéid ag tarlú i gcás eolaíochta. Admhaím nach ndéanaim dóthain ar chor ar bith. Tá athrú ag teacht ar an scéal sin i 2016! An phlean atá agam ná dhá thionscnaimh a dhéanamh in aghaidh na míosa – agus pé rud a ghabhann leo.  Is féidir na  20 tionscnamh chomh maith le teimpléad tuarisce a fháil anseo.

I’m sure we’re all the same – that there are certain things we love to teach and other things we avoid and don’t cover often enough at all. I hope it’s not just me. In my case, I would rather teach Gaeilge or English any time over maths or science. Without a doubt, I would never allow myself to skip over maths lessons and so, I shouldn’t be allowing this to happen with the science. I admit I don’t teach enough of it at all. But that’s going to change in 2016! The aim is to do cover two science experiments per month – along with the theory and information that goes along with them. I’ve made a plan so that this is easy to stick to. You can get my plan, along with 20 experiments and a reporting template here.

Turgnamh Eolaíochta4

4. Na cláracha bhalla a athrú níos minicí // Change wall displays more frequently.

2015-08-28 16.11.42

Seo ceann simplí. Tá mé go dona ag athrú na rudaí atá ar na ballaí i mo sheomra. Cinnte, tá rudaí éagsúla ann a bheidh ann ó thús deireadh na bliana ach ba cheart go mbeadh na téamaí agus obair na bpáistí féin á athrú agam níos minicí ná mar atá. An rún ná – clár amháin a athrú in aghaidh na seachtaine!

This is a simple one. I’m disastrous when it comes to changing what’s on the walls in my classroom. Granted, there are certain things that I choose to have up all year but the various themes and the children’s own work should be changed more often than it is. My resolution is – to change one display board every week!

5. Fágáil níos luaithe // To leave earlier.

clock430

Agus ar deireadh, ceann atá tábhachtach domsa go pearsanta. Tárlaíonn sé go minic domsa go mbím ar scoil go dtí a sé a chlog – nó leath i ndiaidh a cúig ar a laghad. Ní a thuilleadh. Fuair mé nuacht cuíosach deacair ó thaobh sláinte de le déanaí agus, go bunúsach, tá orm anois aire níos fearr a thabhairt dom féin. Mar chuid de sin, táim ag geallúint dom féin go bhfágfaidh mé an scoil roimh leath i ndiaidh a ceathair gach lá. Muna bhfuil sé déanta faoin am sin – ní bheidh sé déanta inniu.

Last, but not least, one that’s important for me personally at the moment. I find that more often than not, I’m in school until about six o’clock – or at least until half past five. Not anymore. I got pretty hard news healthwise recently and basically, I need to take better care of myself. With that in mind, I’m promising myself that I will leave school before half past four every day. If it’s not done my that time – it won’t be done today.

Sin é daoibh – na rúin scoile atá agamsa i gcomhair 2016. Ba bhreá liom cloisteáil – anseo nó ar Facebook – faoi na hathruithe atá ar intinn agaibh féin don bhliain úr ar scoil. Cabhraíonn muid lena chéile tríd na pleananna sin a roinnt. Níl aon duine againn foirfe – ach déanfaidh muid iarracht a bheith!!!

So there you go – the school resolutions that I have for 2016. I’d love to hear – either here or on Facebook – about the changes you all plan to make for the new year in school. By sharing, we all help each other. None of us is perfect – but we can try!!

 

 

Freagraí: 4

Rangaithe faoi Bainistíocht Ranga // Classroom Management, OSIE // SESE, Uimhearthact // Numeracy

Cén chaoi pleanáil a dhéanamh don mhúinteoireacht stáisiúin // How to plan for station teaching

stations imageIs bealach iontach iad na stáisiúin seans a thabhairt do na daltaí topaic a chlúdú, ag cinntiú go bhfuil na foghlaimeoirí éagsúla san áireamh. Ligeann na stáisiúin dúinn tabhairt faoin obair ghrúpa, obair neamhspleách, obair gníomhach, feidhmiú praiticiúil, ionchorprú TFC agus seans don mhúinteoir obair a dhéanamh le grúpaí beaga. Má bhíonn cabhair nó tacaíocht ar fáil ó mhúinteoir eile nó CRS, is mór an cabhair sin, dar ndóigh, ach is féidir le múinteoir amháin na stáisiúin a éagrú leo féin gan amhras – tá sé uilig sa phleaneáil. Seo an bealach go mbíonn siad leagtha amach agamsa.

Station teaching is an excellent way to allow the students to cover a topic allowing for the different intelligences and learning styles while incorporating collaborative learning, individual learning, active learning, practical applications, incorporation of ICT and a chance for the teacher to work closely with small groups. If you have the help or support of a second teacher or an SNA, this can be of great help but one teacher can get stations up and running alone – it’s all in the planning. This is how plan for them.

Gach seachtain bíonn uair amháin agam do na stáisiúin uimheartha agus uair amháin do na stáisiúin liteartha (Gaeilge seachtain amháin agus Béarla an chéad seachtain eile). Bíonn 6 ghrúpa páistí agam le 6 gníomhaíocht éagsúla agus déanann siad 20 nóiméad ag aon stáisiún amháin. Ag deireadh na míosa bíonn 6 stáisiún Gaeilge, 6 stáisiúin Béarla agus 12 stáisiún Mata déanta ag gach páiste. Sa bhealach seo, bíonn dhá thopaic sa mhata clúdaithe in aghaidh na míosa agam chomh maith leis na scileanna éagsúla sa litearthacht. Seo Mí Mheán Fomhair, mar shampla.

Each week I have one hour for numeracy stations and one hour for literacy stations (Irish one week and English the next). I have 6 groups of children with 6 different activities and they spend 20 mins at each station. This means that at the end of the month each child has completed 6 Irish stations, 6 English stations and 12 Maths stations. Here’s my September, as an example.

Meán Fomhair / September :

Seachtain 1 :      Mata : Luach Suíomh – Stáisiún 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Gaeilge : Seit 1 – Stáisiúin 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Seachtain 2 :      Mata : Luach Suíomh – Stáisiún 4 – 6 (3 x 20 nóim)

Béarla : Seit 1 – Stáisiúin 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Seachtain 3 :       Mata : Achar – Stáisiún 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Gaeilge : Seit 1 – Stáisiúin 3 – 6 (3 x 20 nóim)

Seachtain 4 :       Mata : Achar – Stáisiún 3 – 6 (3 x 20 nóim)

Béarla : Seit 1 – Stáisiúin 3 – 6 (3 x 20 nóim)

literacyGach mí, sna stáisiúin liteartha, bíonn seans ag gach páiste tabhairt faoi gníomhaíochtaí dírithe ar :

Each month, during literacy stations, each child has an opportunity to engage in activities based on :

  1. Labhairt / Oral Language
  2. Léitheoireacht / Reading
  3. Scríbhneoireacht / Writing
  4. Éisteacht / Listening
  5. Foclóir / Vocabulary
  6. Gramadach / Grammar

mathsI gcás an mhata de, seo an ord ina chlúdóigh mé na topaicí uilig – dhá cheann in aghaidh na míosa :

In the case of maths, this is the order in which I will cover all of the topics – two per month :

  1. Meán Fómhair / September : Luach Suíomh / Place Value

Achar / Area

  1. Deireadh Fómair / October : Céatadáin / Percentages

Airgead / Money

  1. Samhain / November : Codáin / Fractions

Fad / Length

  1. Nollaig / December : Deachúlacha / Decimals

Seans / Probability

  1. Eanáir / January : Iolrú / Multiplication

Uimhreacha Treocha / Negative Numbers

  1. Feabhra / February : Roinnt / Division

Meáchan / Weight

  1. Márta / March : Cruthanna 2-T / 2-D Shapes

Cruthanna 3-T / 3-D Shapes

  1. Aibreán / April : Línte & Uillineacha / Lines & Angles

Cothromóidí / Equations

  1. Bealtaine / May : Am / Time

Sonraí / Data

  1. Meitheamh / June : Toilleadh / Capacity

Uimhirsheichimh / Number Sequencing

Seo an teimpléad a bhíonn in úsáid agam chun cuspóirí foghlama chuile seisiúin a léiriú. Cuirim seo mo chuid pleanála coicíse agus le mo chuntas míosúil chomh maith.

This is the template that I use to document the learning objectives for each session. I include this in my fortnightly plans and in my cuntas míosúil too.

Stáisiúin Mhata - Airgead5Feicfidh sibh go bhfuil pacáisté d’acmhainní ar fáil i mo shiopa TpT do na stáisiúin uilig, litearthacht agus uimhreacht – pacáistí sa Ghaeilge (tá siad buí), pacáistí sa Bhéarla (tá siad dearg) agus pacáistí sa mhata (tá siad gorm). Seo samplaí thíos. Tá dóthain ann cheanna féin le haghaidh Meán Fómhair, Deireadh Fómhair agus Samhain. Táim ag súil go mbeadh pacáistí eile ar fáil go luat – Coinnigí súil amach.

You will see that there are some of my station packs already available from my TpT store for both literacy and numercy – Irish packs (these are yellow), English packs (these are red) and Maths packs (these are blue). You can see some samples below. There are enough available already for September, October and November. I hope that there will be further station packs available in the near future – Watch this Space.

Stáisiúin Mhata - Airgead4 Stáisiúin Gaeilge - Seit 1e Stations in English - Set 1e

Freagra

Rangaithe faoi Bainistíocht Ranga // Classroom Management, Litearthacht // Literacy, Uimhearthact // Numeracy

Suíomhanna ar Líne atá úsáideach do Mhúineadh Matamaitice // Useful sites for teaching Maths

maths

Tá súil agam go mbeadh sibh in ann teacht  ar rud nó dhó nua anseo. Seo, go bunúsach, na suíomhanna ar líne go mbímse ag baint úsáide as go laethúíl. I hope that you can all find one or two new ideas here. This is, essentially, the sites online that I use for maths on a daily basis.

1. Áiseanna as Gaeilge chun mata a mhúineadh http://www.nicurriculum.org.uk/irish_medium/key_stage_3/areas_of_learning/matamaitic.asp  Taca le Mata : go leor bileoga oibre (Leibhéal 5 in úsáid agam le Rang 6) agus Luaigh Airgead, Déan Mata : bealaí iontacha an mhata a choinneáil suimiúl agus réalaíoch do na páistí.

2. Foclóir Matamaitice – http://www.ccea.org.uk/focloirmata/ – téarmaíocht matamaitice as Gaeilge

3. Classmaths.com http://www.classmaths.com/ – cluichí matamaitice agus iad briste síos de réir snáithe an churaclaim. Maths games broken down according to the curriculum strands.

4. Illuminations http://illuminations.nctm.org/Search.aspx?view=search&type=ls&gr=6-8 – Mata Gníomhach agus Imscrúdaitheach atá go hiontach sna hardranganna. Active and investigative maths lessons for the senior classes.

5. Maths Drills http://www.math-drills.com/ – go leor bileoga oibre ar fáil anseo. Cé gur suíomh as Béarla atá ann – is féidir fós é a úsáid go minic toisc gur druileanna atá i gceist. Lots of worksheets available here. Although in English – they are still often useful as it’s drills rather than word problems for the most part.

6. Starter of the Day – http://www.transum.org/Software/SW/Starter_of_the_day/ – Seo suíomh iontach chun tús a chur le ceacht mata – nó tús a chur leis an lá fiú. Athríonn an puzail nó an fhadhb gach lá agus is féidir dul siar ar na sean-phuzail chomh maith. This is a great site to use for starting a maths lesson, or for starting the day even. The puzzle or problem changes each day and you can look back at previous puzzles.

7. UK Numeracy Strategy http://www.edu.dudley.gov.uk/primary/Strategymaterials/nnsdocuments.htm  – cé go mbíonn sé deacair uaireanta teacht ar an rud atá de dhíth ort ar an suíomh seo, is fiú go mór dul tríd. Tá go leor ann do na leibhéil éagsúla agus é mar chuid den stráitéis uimhreachta sa Ríocht Aontaithe.  Although I find it can sometimes be tricky to find what you’re looking for here, it’s well worth going through. There’s plenty there for the various levels and is all part of the UK Numeracy Strategy.

Freagra

Rangaithe faoi Uimhearthact // Numeracy