Cartlanna Ranga: Litearthacht // Literacy

Léitheoireacht Beirte chun páistí a spreagadh chun léitheoireachta as Gaeilge // Paired Reading as a way to encourage children to read in Irish.

 

Léi

Cé go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag na páistí sna Gaelscoileanna, cloistear go minic go mbíonn sé deacair iad a spreagadh leabhair as Gaeilge a léamh. Roghníonn siad leabhair as Béarla i gcónaí. Is tríd an léitheoireacht beirte seo go gcuirim ag léamh as Gaeilge iad, agus ag baint sult as. Ní dúshlán chomh mór sin a bhíonn os a gcomhair agus iad ag léamh le pairtnéir atá ar an leibhéal léitheoireachta céanna leo. Tá sé tábhachtach gur léitheoireacht don phléisiúr atá i gceist leis agus mar sin ní bhíonn aon obair scríofa breise le déanamh acu bunaithe ar an léitheoireacht seo. Tugaim leabhair difriúla do na grúpaí ar fad ionas go mbeadh úinéireacht acu ar an léitheoireacht seo agus ionas go mbíonn sé éasca idirdhealú a dhéanamh, a chinntiú go bhfuil gach beirt ag léamh ar léibhéal atá cuí dóibh. Agus na leabhair á thabhairt amach agam, léim cúl gach leabhar os árd don rang ag cinntiú go gcuirim sceitimíní orthu faoin scéal – ag cinntiú go mbíonn siad ag iarraidh na leabhair a léamh.

While the children in our Gaelscoileanna understand and speak Irish, it is often a struggle for us teachers to encourage them to choose to read in Irish. More often than not, when given the option, they will choose to read in English. It is through this process of paired reading that I get them reading for pleasure, through Irish, and enjoying it. The challenge in front of them doesn’t seem quite as daunting when they are reading with a friend or partner who is at a similar reading ability to themselves. It is important that this reading is for pleasure and so I don’t assign any extra written work based on these reading sessions. Each pair gets a different book, ensuring that they have ownership over this reading. This also ensures that it’s easy to ensure differentiation – that each pair are reading at a suitable level but without drawing attention to this. When assigning the books, I read the back of each book aloud, making them excited about the story – ensuring that they really want to read the book.

2017-04-24 18.31.46

Conas mar a oibríonn sé? // How does it work?

Is próiseas fíor-shimplí seo. Suíonn beirt le chéile, leabhar amháin eatarthu agus iad ag breathnú isteach le chéile. Léann páiste A alt. Ansin bíonn ar pháiste B an chuid sin a mhíniú ina f(h)ocail féin. Léann páiste B an chéad alt eile agus míníonn páiste A an píosa sin. Cabhríonn siad lena chéile a chinntiú go bhfuil tuiscint acu ar an rud atá á léamh acu, agus iad a tabhairt faoi deara gur féidir tuiscint a bheith acu fiú muna dtuigeann gach uile focal. Bíonn foclóir ar an mbord acu ar eagla nach dtuigeann siad aon rud agus má bhíonn fadhb fiú tar éis foclóra a úsáid, cuireann said ceist orm. Chomh maith le sin, coinníonn siad a leabhair nótaí ar oscailt chun aon nathanna deasa a aimsíonn siad a bhreacadh síos. Bíonn an seomra ranga glórmhór go leor agus beomhar nuair atá an léitheoireacht seo faoi lán seoil. I mo thaithí, baineann na páistí an sult as seo agus bíonn siad ag súil leis.

It’s a really simple process. Two children sit together, one book between them, looking in together. Child A reads a paragraph. Then Child B explains what happened in that paragraph in their own words. Child B reads the next paragraph and Child A explains it. They help each other to ensure they’re understanding what they’re reading, while realising that understanding can occur even if they don’t understand each and every word. They have a dictionary on the table in case they need it and if they are still stuck after trying the dictionary, they ask me. They also keep their notebooks open to make a note of any nice phrases that they come across. When these reading sessions are up and running they classroom will be noisy and lively. In my experience, the children really enjoy the sessions. They really look forward to them and are very rarely disengaged with the process.

 

Seo cúpla taifeadadh gairid de pháistí i mo rang féin ag léamh agus ag míniú lena chéile. Tá sé deacair go leor iad a chloisteáil in áiteanna toisc go bhfuil na páistí eile ag léamh ag an am céanna. Tá súil agam gur féidir a bhraith ó na físeáin seo conas mar a oibríonn seisiún léitheoireachta beirte.

Here are a couple of short recordings of children from my own class reading and showing understanding. It’s difficult to hear in spots because the other children in the class are reading at the same time. I hope these give a feeling for how a paired reading session feels.

 

Cén leabhair a bhíonn á léamh acu? // What books do they read?

Ní téacsanna scoile a bhíonn i gceist don chuid is mó, ach úrscéalta éagsúla do pháistí, cuid acu dúshlánach (do na léitheoirí láidre) agus cuid eile simplí go leor (dóibh siúd atá lag ag an léitheoireacht).  Sna pictiúir seo, is na leabhair is dúshlánaí atá ar bharr agus na cinn is simplí atá ar bhun. Tá súil agam go gcabhróidh siad.

For the most part, I don’t use school texts, but rather random children’s novels, some challenging (for the stronger readers) and others fairly simple (for those weaker readers).  In these pictures, the books at the top are more difficult to read, decreasing in difficulty, the easier books at the bottom. I hope these suggestions will be helpful.

20170425_080012

Tá an dá leabhar seo an-dúshlánach agus oiriúnach má tá léitheoirí an-láidir sa rang agat.

20170425_075935

Oiriúnach do léitheoirí láidre.

anghardacósta

Oiriúnach do léitheoirí láidre.

raic

Oiriúnach do léitheoirí láidre.

dorasfuinneogscuab

Oiriúnach do léitheoirí láidre.

gealach

Oiriúnach do léitheoirí láidre.

20170425_075956

Oiriúnach do léitheoirí meánacha.

20170425_075908

Oiriúnach do léitheoirí meánacha.

20170425_075835

Oiriúnach do léitheoirí meánacha.

20170425_075922

Tá an dá leabhar seo á léamh ag na léitheoirí is laige i mo rang.

Mholfainn d’aon mhúinteoir seo a chur i bhfeidhim. Cé go bhfuil na leabhair thús roghnaithe do Rang 6, is féidir tabhairt faoin bpróiseas céanna in aon rang ag baint úsáide as leabhair oiriúnacha.

I would advise any teacher to put this process in place. While the books in the list above have been selected for 6th class, the process can be followed in any classroom, using appropriate reading material.

Freagra

Rangaithe faoi Litearthacht // Literacy

Capsúil Ama // Time Capsules

2016-06-22 13.53.48

Cinnte, ní féidir liom a rá gur liomsa an smaoineamh seo, ach bhí orm a insint daoibh faoi ar an nós. Seo smaoineamh dochreidte a bhí ag ceann de na múinteoirí iontacha atá ag obair liom – an múinteoir a mhúin mo rangsa nuair a bhí siad i Rang 1. Thug sí cead dom seo a scríobh. Sa bhliain 2011, d’eagraigh agus chruthaigh sí capsúil ama leis na páistí, agus bhí an t-ádh liomsa inniu a bheith ann, agus iad á n-oscailt, 5 bhliain níos déanaí, agus iad ag críochnú sa scoil. Bhí an gáire tógálach inniu – ‘sé ceann de na gníomhaíochtaí is deise atá feicthe agam. Bhí sé soiléir le feiceáil go raibh sé fiúntach cúig bhliain ó shin chomh maith, gur úsáid siad snáithe ón gcurraclam OSIE, OSPS, ealaín, litearthacht agus uimhreacht – chomh maith leis an dteicneoilíocht a úsáid. Tá meangadh gáire fós ar m’aghaidh agus mé ag smaoineamh faoi.

I definitely can’t take the credit for this one but I just had to post about it. This was the genius idea of one of my fabulous colleagues – the teacher who taught my class when they were in 1st class. She has given me permission to tell you all about it. In 2011, she organised and created a time capsule and I just happen to be the lucky one to be there as their 6th class teacher to open the capsule five years later. The smiles and laughter were infectious today – it was one of the lovliest activities I’ve come across and it’s very clear that it was valuable when they were small too, incorporating various strands in the SESE, SPHE, art, literacy and numeracy curriculum – as well as using ICT. I’m still smiling just thinking about it.

2016-06-22 14.14.44

2016-06-22 14.14.37

Is féidir a fheiceáil thuas an bosca ina raibh gach rud stóráilte – agus é curtha i bhfolach ar chúl an tseilf is airde sa seomra stórais. Istigh ann bhí ‘crann cairdis’ a bhí déanta acu le chéile agus leathanach nuachtáin lánaithe ón lá gur thosaigh siad ar scoil. Bhí sé go hálainn iad a fheiceil ag breathnú siar orthu féin agus iad 4 bhliana d’aois.

You can see above the box that everything was stored in – hidden on the back of a top shelf in our store room. Inside was a ‘friendship tree’ which they had made collaboratively and a laminated page from the newspaper the day they started school. It was lovely to see them looking back at their 4 year old selves on that.

2016-06-22 13.56.29

Ar dtús, bhí cipín cuimhne ann – físeán de gach páiste sa rang, déanta i 2011 nuair a bhí siad 6 agus 7 mbliana d’aois. Chuir siad iad féin in aithne, labhair siad faoi na rudaí gur mhaith leo, na rudaí nár mhaith leo (luaitear brocailí cúpla uair anseo), na leabhair gurb fhearr leo (luaitear go minic ‘Matilda’, ‘The Witches’ agus ‘Harry Potter’ – le cailín beag amháin a luaigh ‘500 Facts about Predators’), na scannáin gurb fhearr leo, na cairde a bhí acu agus cén rud gur mhaith leo a dhéanamh agus iad fásta. Bhí sé gleoite amach is amach agus níorbh fhéidir leo stopadh ag gáire agus iad ag breathnú air.

Firstly was a memory drive which had a video of each child, filmed in 2011 when they were 6 and 7 years old. They each introduced themselves, spoke of their likes and dislikes (broccoli came up a few times here), their favourite books (lots of nominations for Matilda, The Witches and even Harry Potter – with one little girl choosing ‘500 Facts about Predators’), their favourite movies, their best friends and what they wanted to be when they grew up. Absolutely adorable and there was hysterics as they watched and listened.

2016-06-22 14.08.08

Ansin, istigh sa chapsúl mór, bhí capsúil beaga do gach páiste, gach ceann acu i mbosca beag plaisteach. Bhí griangraf don pháiste orthu agus lámhphriota lánaithe ar bharr.

Then the large capsule contained individual time capsules for each child, each one in a small, plastic box. There was a photo of the child on each, and they’re laminated handprint on top.

2016-06-22 14.09.49

2016-06-22 14.08.58

2016-06-22 14.14.08

Istigh i ngach bosca bhí na rudaí seo a leanas :

  1. An ‘nuacht’ a scríobh siad an lá sin (28.3.11)
  2. Féinphortráid
  3. Comhad Firicí – na rudaí gur mhaith / nár mhaith / gurb fhearr leo
  4. Píos sreanga a thomais an airde ar a raibh siad ag an am
  5. Cúpla rud pearsanta a roghnaigh le gach páiste iad féin a chur isteach ann (griangrafanna / bréagáin srl.)

Inside each box they had placed the following things :

  1. Their ‘news’ on that day (28.3.11)
  2. A self-portrait
  3. A fact-file of their likes / dislikes / favourites
  4. A piece of string representing their height at the time
  5. A few small personal items that each individual child had chosen to include (photos / toys etc.)

2016-06-22 14.15.13

 

Bhí sé go hálainn breathnú orthu ag léamh na rudaí a bhí scríofa acu, ag déanamh comparáide idir an sreang agus an airde ar a bhfuil siad faoi láthair, agus ag gáire le chéile faoi na rudaí éagsúla a bhí tábhachtach dóibh ag an am. Ba ghníomhaíocht áthasach, greannmhar é – ní fhaca mé riamh an méid meangadh gáire sin.

It was so lovely to see them read what they written, compare the strings with their current height, laugh about the various items that had been important to them. It was a really joyous, funny and heartwarming activity – I’ve never seen so many smiles.

2016-06-22 14.10.34

Mholfainn cinnte an gníomhaíocht seo. Tasc ollmhór leis na daltaí i Rang 1 gan dabht, agus ní dóigh liom go ndéanfainn leis na naoínáin é, ach níos déanaí ná Rang 1 agus ní bheadh an éifeacht céanna faighte. Má tá tú ag múineadh Rang 1 an bhliain seo chugainn, sílim cinnte gur cheart duit seo a chur le do chuid phleananna. Bain sult as.

This is definitely an activity I’d recommend. A bit of a mammoth task with the 1st class students, so I maybe wouldn’t do it with infants, but no later than 1st class either, so that it has the greatest effect possible. If you are going to have first class next year, I really think you should add this to your plans. Have fun with it.

Save

Freagra

Rangaithe faoi Litearthacht // Literacy, OSIE // SESE, Searmanais Scoile // School Ceremonies

Tús Maith, Leath na hOibre – Gaeilge trí Ghaeilge!!

tóg-go-bog-é-agus-labhair-as-gaeilgeNuair a chloiseann daoine gur múinteoir gaelscoile mé freagraíonn siad i dhá bhealach. Deireann daoine nach múinteoirí iad, ‘ Oh, ba bhreá liom go mbeadh Gaeilge agam. Tá mo chuid Gaeilge go dona. ‘Sé an bealach ina múintear í.’ Fiafraíonn múinteoirí, ‘CONAS go dtuigeann na páistí? CONAS go n-éiríonn siad líofa?’ Sa bhlag seo, táim ag déanamh iarrachta na ceisteanna seo a fhreagairt agus le rá go bhfuil mé ar aon intinn, agus go bhfuil sé ag tarlú i bfhfad ró-mhinic nach bhfuil múineadh na Gaeilge chomh maith is gur cheart.

When people hear that I teach in a Gaelscoil they respond in one of two ways. Those who don’t teach usually say ‘Oh, I’d love to have better Irish. Mine’s terrible. It’s the way it’s taught.” Teachers generally ask ‘HOW do the kids understand? HOW do they become fluent? In this post, I’m aiming to answer the latter question and to agree, that far too often, teaching isn’t what it should be.

question markBhuel, CONAS go mbíonn daltaí sna gaelscoileanna in ann líofacht a bhaint amach? Tá sé thar a bheith simplí. Bíonn siad tumtha go hiomlán sa teanga ón nóiméad a shiúlann siad tríd an doras. Agus, mar a bhíonn i gcás aon teanga a fhoghlaim, cloiseann siad an teanga in úsáid, cloiseann siad na frásaí agus abairtí á athrá go minic agus mar gheall ar sin, éiríonn go seoigh agus go tapaidh leo an teanga a thuiscint agus a gcuid abairtí féin a chumadh. Béarla an teanga bhaile atá ag formhór na bpáistí agus mar sin, is ar scoil amháin go mbíonn an Ghaeilge á chloisteáil agus á n-úsáid acu. Céard a tharlódh dá labhródh múinteoirí sna Gaelscoileanna Béarla leo? Dá mbeadh muid ag tabhairt treoracha do na naíonáin bheaga as Béarla díreach toisc nach dtuigeann siad? Bhuel, go bunúsach, ní thuigfeadh siad riamh.

So, HOW do gaelscoil students gain fluency at the level they do? It’s really simple. They are completely immersed in the language from the moment they walk in the door. And, as is the case with any learner of any language, hearing the language being used, hearing repetition of phrases and sentences enables them extremely quickly to comprehend and to form their own sentences. The vast majority live in English-speaking homes and so it is only during school time that they hear and speak Gaeilge. What would happen if the múinteoirí in the Gaeilscoileanna were to speak English with them? What if we were to instruct the Junior Infants in English simply because they don’t understand? Well, quite simply, they never would.

Taobh amuigh de na Gaelscoileanna bíonn gearáin maidir le cumas Gaeilge na ndaltaí agus cumas Gaeilge na múinteoirí. Cé nach bhfuil éinne ag súil le líofacht sa Ghaeilge do na daltaí seo, is ar na fáthanna céanna gur ceart go mbeadh an Ghaeilge i gcónaí á mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Déanann sé ciall. Ní mar sin a bhíonn sé go minic, áfach. Sílim go n-admhódh formhór múinteoirí bunscoile nach bhfanann siad go hiomlán leis an nGaeilge le linn an cheachta Gaeilge. Cén toradh a bhíonn ann? Foghlaimíonn na páistí liostaí foclóra bunaithe ar na téamaí éagsúla ach ní bhíonn sé ar a gcumas acu abairtí a chruthú nó comhrá a bheith acu a dtéann níos faide ar aghaidh ná beannachtaí bunúsacha – bíonn sin fiú dúshlánach go minic.

So, outside of the Gaeilscoileanna the level of Irish of both students and some teachers in primary education is often criticised. While these students are not expected to be fluent, it is the same principles that dictate that Irish should be taught through Irish in primary school. It makes sense. However, it doesn’t happen all that often. I think most primary school teachers would admit that they don’t stick to Gaeilge during their Irish lessons. What’s the result? The children often learn lists of themed vocabulary but are usually completely unable to construct sentences and are unable to converse as Gaeilge much further than the absolute basics – even that is often a stretch.

uafásachCén fáth nach múintear an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge? Ní féidir liomsa go pearsanta a bheith 100% cinnte ach ghlacfainn tomhais gurb í an fhadhb ná easpa Ghaeilge ag múinteoirí iad féin chomh maith le múinteoirí nach bhfanann leis toisc nach dtuigeann na páistí láithreach – agus dhéanfadh muid aon rud chun saol éasca a bheith againn – nach ndéanfadh?

Why is it that teachers don’t teach Gaeilge trí mheán na Gaeilge? I can’t be personally 100% sure but I would guess that it’s a combination of teachers themselves having an inadequate command of the language and of teachers breaking down too quickly and easily when their students don’t understand almost immediately – and we all take short cuts for an easy life sometimes, don’t we?

PrintD’fhoilsigh Cigireacht n Roinne measúnú sa bhliain 2007 den teideal ‘Irish in the Primary School’, agus is fiú cinnte é a léamh. Moltar seo a leanas:

The Department of Education Inspectorate published an evaluation in 2007, ‘Irish in the Primary School’, which is definitely worth a read. This report recommends the following :

“The ability of teachers to speak and write Irish is an essential skill for all primary teachers.

Teachers who teach Irish need to be competent, accurate and have a strong language base. It is

recommended that every possible opportunity should be provided to improve teachers’

competency in Irish.”

“Irish should be strictly adhered to as the language used while teaching Irish lessons. Irish as a

living language needs to be used regularly outside the language lessons. It is recommended that

Irish be widely used as a language of communication amongst teachers and between teachers

and pupils in schools”.

Cén buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid i gcónaí chun an Ghaeilge a mhúineadh?

  1. Mar is eol dúinn uilig – foghlamaíonn páistí ón sampla atá os a gcomhair amach. Muna gcloiseann siad in úsáid an Ghaeilge – conas gur féidir linn a bheith ag súil go mbeadh sí á labhairt acu?
  2. Agus an teanga ar an gcluas acu, éiríonn na páistí feasach ar abairtí a chumadh.
  3. Feiceann na páistí gur teanga bheo í an Ghaeilge. Linn an cheachta, leanann saol an seomra ranga ar aghaidh as Gaeilge – fiú muna bhfuil i gceist ach an múinteoir ag tabhairt amach do dhuine éigean nó cuairteoir a fháiltiú ag an doras.

So what are the benefits of sticking to Irish as the language of instruction?

  1. As we all know – students learn by example. If they don’t hear it – how can we expect them to speak it?
  2. Children become familiar with the construction and formation of sentences.
  3. Children see that the language is alive. During the lesson, all of the usual classroom routines will happen through Irish – even if that’s simply the process of giving out to somebody or answering the door to a visitor.

Thumbs Up_Skin ColorGeallaim daoibh rud amháin – má thosaíonn tú an bhliain scoile nua ag múineadh Gaeilge trí mheán na Gaeilge, ní thógfaidh sé mórán ama go dtí go mbeadh do daltaí thar an iontas agus go dtuigfidh siad gurb é seo do bhealach. Tuigfidh siad chomh maith gur féidir leo tuiscint agus páirt a ghlacadh. Beidh níos mó muiníne ag na páistí agus agat féin. Is buaiteoir gach éinne!

One thing I will guarantee – if you start off the school year teaching Irish through Irish, your students will very quickly get over the shock and horror and realise that this is simply the way that you do things. They will also very quickly realise that they can do it too – that they can understand and participate. Their confidence will grow and your confidence will grow. Everyone’s a winner!

Gaeilge3An múineann tú Gaeilge trí mheán na Gaeilge cheanna féin? Nó ar bhreá leat é a dhéanamh dá mbeafeá in ann fáil réidh leis na constaicí éagsúla? An mbeadh sé níos éasca mar aidhm dá mbeadh tacaíocht agat? An mbainfeá triail as? Táim ag iarraidh teacht ar mhúinteoir amháin a bheadh sásta obair liom ar seo – agus an bhliain nua a thosú amach chun é a chruthú gur féidir seo a dhéanamh. Bheinn sásta tacaíocht a thabhairt – le scileanna Gaeilge an mhúinteora nó le bealaí agus seifteanna a thabhairt duit chun é a dhéanamh éasca ort agus ar do chuid daltaí. Tríd na dúshláin agus na torthaí a thaispeáint bheadh muid in ann bheith réalaíoch ó thaobh pleanála de don todchaí. Má tá suim agat bheith páirteach, téigh i dteagmháil liom ag realtaranga@gmail.com nó tríd leathanach facebook Réalta Ranga.

Do you already always teach Irish through Irish? Or do you wish you could overcome the obstacles that are stopping you? Do you think it might be a more attainable goal if you had some personal support? Would you be prepared to give it a go? I’m looking for one of you to begin this school year with the determination to do this – to be the proof that it can be done. I would like to support one of you to do this, be it in terms of helping you with your own language skills, double-checking your own Irish, or helping you to make the process as easy as possible for both you and your students. By documenting any struggles and also all of the successes and results, we could highlight the realities and potentially be part of future planning processes. If you’re interested in getting involved contact me by email at realtaranga@gmail.com or through the Réalta Ranga facebook page.

Freagra

Rangaithe faoi Litearthacht // Literacy

Cén chaoi pleanáil a dhéanamh don mhúinteoireacht stáisiúin // How to plan for station teaching

stations imageIs bealach iontach iad na stáisiúin seans a thabhairt do na daltaí topaic a chlúdú, ag cinntiú go bhfuil na foghlaimeoirí éagsúla san áireamh. Ligeann na stáisiúin dúinn tabhairt faoin obair ghrúpa, obair neamhspleách, obair gníomhach, feidhmiú praiticiúil, ionchorprú TFC agus seans don mhúinteoir obair a dhéanamh le grúpaí beaga. Má bhíonn cabhair nó tacaíocht ar fáil ó mhúinteoir eile nó CRS, is mór an cabhair sin, dar ndóigh, ach is féidir le múinteoir amháin na stáisiúin a éagrú leo féin gan amhras – tá sé uilig sa phleaneáil. Seo an bealach go mbíonn siad leagtha amach agamsa.

Station teaching is an excellent way to allow the students to cover a topic allowing for the different intelligences and learning styles while incorporating collaborative learning, individual learning, active learning, practical applications, incorporation of ICT and a chance for the teacher to work closely with small groups. If you have the help or support of a second teacher or an SNA, this can be of great help but one teacher can get stations up and running alone – it’s all in the planning. This is how plan for them.

Gach seachtain bíonn uair amháin agam do na stáisiúin uimheartha agus uair amháin do na stáisiúin liteartha (Gaeilge seachtain amháin agus Béarla an chéad seachtain eile). Bíonn 6 ghrúpa páistí agam le 6 gníomhaíocht éagsúla agus déanann siad 20 nóiméad ag aon stáisiún amháin. Ag deireadh na míosa bíonn 6 stáisiún Gaeilge, 6 stáisiúin Béarla agus 12 stáisiún Mata déanta ag gach páiste. Sa bhealach seo, bíonn dhá thopaic sa mhata clúdaithe in aghaidh na míosa agam chomh maith leis na scileanna éagsúla sa litearthacht. Seo Mí Mheán Fomhair, mar shampla.

Each week I have one hour for numeracy stations and one hour for literacy stations (Irish one week and English the next). I have 6 groups of children with 6 different activities and they spend 20 mins at each station. This means that at the end of the month each child has completed 6 Irish stations, 6 English stations and 12 Maths stations. Here’s my September, as an example.

Meán Fomhair / September :

Seachtain 1 :      Mata : Luach Suíomh – Stáisiún 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Gaeilge : Seit 1 – Stáisiúin 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Seachtain 2 :      Mata : Luach Suíomh – Stáisiún 4 – 6 (3 x 20 nóim)

Béarla : Seit 1 – Stáisiúin 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Seachtain 3 :       Mata : Achar – Stáisiún 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Gaeilge : Seit 1 – Stáisiúin 3 – 6 (3 x 20 nóim)

Seachtain 4 :       Mata : Achar – Stáisiún 3 – 6 (3 x 20 nóim)

Béarla : Seit 1 – Stáisiúin 3 – 6 (3 x 20 nóim)

literacyGach mí, sna stáisiúin liteartha, bíonn seans ag gach páiste tabhairt faoi gníomhaíochtaí dírithe ar :

Each month, during literacy stations, each child has an opportunity to engage in activities based on :

  1. Labhairt / Oral Language
  2. Léitheoireacht / Reading
  3. Scríbhneoireacht / Writing
  4. Éisteacht / Listening
  5. Foclóir / Vocabulary
  6. Gramadach / Grammar

mathsI gcás an mhata de, seo an ord ina chlúdóigh mé na topaicí uilig – dhá cheann in aghaidh na míosa :

In the case of maths, this is the order in which I will cover all of the topics – two per month :

  1. Meán Fómhair / September : Luach Suíomh / Place Value

Achar / Area

  1. Deireadh Fómair / October : Céatadáin / Percentages

Airgead / Money

  1. Samhain / November : Codáin / Fractions

Fad / Length

  1. Nollaig / December : Deachúlacha / Decimals

Seans / Probability

  1. Eanáir / January : Iolrú / Multiplication

Uimhreacha Treocha / Negative Numbers

  1. Feabhra / February : Roinnt / Division

Meáchan / Weight

  1. Márta / March : Cruthanna 2-T / 2-D Shapes

Cruthanna 3-T / 3-D Shapes

  1. Aibreán / April : Línte & Uillineacha / Lines & Angles

Cothromóidí / Equations

  1. Bealtaine / May : Am / Time

Sonraí / Data

  1. Meitheamh / June : Toilleadh / Capacity

Uimhirsheichimh / Number Sequencing

Seo an teimpléad a bhíonn in úsáid agam chun cuspóirí foghlama chuile seisiúin a léiriú. Cuirim seo mo chuid pleanála coicíse agus le mo chuntas míosúil chomh maith.

This is the template that I use to document the learning objectives for each session. I include this in my fortnightly plans and in my cuntas míosúil too.

Stáisiúin Mhata - Airgead5Feicfidh sibh go bhfuil pacáisté d’acmhainní ar fáil i mo shiopa TpT do na stáisiúin uilig, litearthacht agus uimhreacht – pacáistí sa Ghaeilge (tá siad buí), pacáistí sa Bhéarla (tá siad dearg) agus pacáistí sa mhata (tá siad gorm). Seo samplaí thíos. Tá dóthain ann cheanna féin le haghaidh Meán Fómhair, Deireadh Fómhair agus Samhain. Táim ag súil go mbeadh pacáistí eile ar fáil go luat – Coinnigí súil amach.

You will see that there are some of my station packs already available from my TpT store for both literacy and numercy – Irish packs (these are yellow), English packs (these are red) and Maths packs (these are blue). You can see some samples below. There are enough available already for September, October and November. I hope that there will be further station packs available in the near future – Watch this Space.

Stáisiúin Mhata - Airgead4 Stáisiúin Gaeilge - Seit 1e Stations in English - Set 1e

Freagra

Rangaithe faoi Bainistíocht Ranga // Classroom Management, Litearthacht // Literacy, Uimhearthact // Numeracy

‘Seanfhocal na Seachtaine’ & ‘Quote of the Week’

Seanfhocal na SeachtaineQuote of the Week - English

Seo rud bheag a dhéanaim gach uile seachtain ar scoil agus feicim go gcuireann sé go mór le saol an seomra ranga i go leor bealaí éagsúla. Ag tús na seactaine bíonn seanfhocal nua, as Gaeilge, agus quote nua, as Béarla, á chrochadh agam. Labhraíonn muid faoin dá rud maidin Dé Luain, míníonn muid céard atá i gceist leo, bíonn plé againn ar an duine a dúirt, nó ar an stair atá taobh thiar de. Cuidíonn na seanfhocail go mór le Gaeilge na bpáistí, sa chaint, sa scríbhneoireacht, ó thaobh chultúr an teanga de, ó thaobh staire de agus baineann siad sult as úsáid a bhaint astu i rith na seachtaine. (Tugaim pointí ClassDojo dóibh más féidir iad a úsáid!!) I gcás na cinn as Béarla, bíonn siad spreagúil go nádúrtha agus faigheann na páistí muinín astu – i ngan fhios daoibh féin. Chomh maith le sin, is bealach deas, nádúrtha é na daoine a dúirt, a chur in iúl dóibh – údair, polaiteoirí cáilúila, ceannairí domhanda, filí, aisteoirí, is ar uile. Nós simplí agus éasca atá cabhrach gan dabht agus a chuireann leis an seomra ranga ag an am céanna. Tá sampla nó dhó thíos agus is féidir clicéail ar na híomhánna thuas le dul ag mo shiopa TpT chun iad a cheannach, má tá suim agat.

This is a little thing that I do every week at school and I see that it adds largely to classroom life in lots of ways. At the beginning of the week I hang a new seanfhocal (Irish proverb) and a new quote, in English. We speak about the two things every Monday morning, we explain what they mean, we discuss the person who said the quote and the history behind them. The proverbs really help the children with their Irish, both spoken and written, in terms of the culture of the language and from a historical point of view. The children enjoy using them whenever they can throughout the week. (I give them ClassDojo points if they can include them during the week!!). The Quote of the Week is always motivational by nature and the children gain encouragement and confidence from them – without even realising it. As well as that, it’s a lovely, natural way to introduce them to the various people who spoke the words – authors, famous politicians, world leaders, poets, actors, and more. Overall, this a simple and effective weekly routine and the nice colourful posters add to the classroom at the same time. There’s a couple of examples below and you can click on the images at the top to go to my TpT store where you can purchase them, if you’re interested.

Quote of the Week - English1 Quote of the Week - English2 Seanfhocal na Seachtaine1 Seanfhocal na Seachtaine2

Freagraí: 2

Rangaithe faoi Acmhainní // Resources, Bainistíocht Ranga // Classroom Management, Litearthacht // Literacy, OSIE // SESE

Suíomhanna Úsáideacha do mhúineadh na Gaeilge & Béarla // Useful Sites for teaching Irish & English

Seo cuid mhaith suíomhanna go mbíonn in úsáid agam go mion-minic agus mé ag múineadh litearthachta. Tá súil agam go mbeadh rud nó dhó nua anseo do gach éinne. Bainigí sult as an tocailt! Here are some sites that I use all the time when teaching literacy. I hope that there’s something new here for everybody. Happy digging!

literacy

Litearthacht

Gaeilge

Áiseanna Digiteach Shéideáin Sí http://www.gaeilge.ie/about-foras-na-gaeilge/seidean-si/?lang=en Is féidir na dlúthdhioscaí uilig a úsáid ar line anseo.

Snas ar Scéal http://www.nicurriculum.org.uk/snas_ar_sceal/index.html – spreagadh scríbhneoireachta as Gaeilge do pháistí. Tá cluichí idir-gníomhachta ann agus cártaí ar dhá leibhéal éagsúla. Faighim an-úsáideach iad seo a bheith lánaithe agam agus ar fáil dóibh agus iad i mbun aon tasc scríbhneoireachta.

Leaganacha Gaeilge d’úrscéálta http://www.nicurriculum.org.uk/irish_medium/key_stage_3/areas_of_learning/index.asp San áireamh tá : Capall Cogaidh , Is Mise David, Anne Frank – Dialann Cailín Óig, An Gasúr a Chaith Pitseámaí Stríocacha, agus Leabhair Oibre do chuid acu.

Straitéisí scríbhneoireachta agus léitheoireachta as Gaeilge http://www.nicurriculum.org.uk/irish_medium/key_stage_3/areas_of_learning/gaeilge.asp – idir ghramadach, léitheoireacht, fónaic agus poncúlacht, tá go leor leor atá úsáideach anseo sna hárdranganna.

Go maith do cheachtanna éisteachta www.abair.ie – áis mhait ó thaobh foghraíochta de. Iontach mhaith chun taithí a thabhairt dóibh ar na canúintí éagsúla muna bhfuil meascán ann idir múinteoirí na scoile.

Béarla

Creative Writing http://www.thecreativitycore.com/the-blog – Based on the US Common Core rather than on the Irish curriculum but some great ideas on the blog section of this site nonetheless.

Some brilliant literacy ideas for all class age groups at https://www.literacyshed.com/ and especially on their blog http://www.literacyshedblog.com/ . Beware – once you start looking here – you’ll lose hours.

While there are plenty of sites out there that use ‘The Hero’s Journey’ model of creative writing but this one http://examples.yourdictionary.com/examples-of-each-stage-of-a-hero-s-journey.html uses Lilo and Stitch as an example, making it easier to explain to the children. This is a great format to begin in the older classes.

Some great literacy-based interactive games at http://resources.woodlands-junior.kent.sch.uk/interactive/literacy.html . Something for everything here.

I’ve used this site with both Junior Infants and with 6th Class (Early Years / Keystage 1 / Keystage 2) http://www.crickweb.co.uk/ks2literacy.html . It covers many areas withing literacy in the form of online interactive games. I’ve found children of every age to be very enthusiastic.

Some good downloadables on http://www.theclassroomkit.com/literacy-resources.html

Freagra

Rangaithe faoi Litearthacht // Literacy

An 10 Leabhair is Fearr liom léamh do na Naíonáin // The 10 Books I most like to read to the Infants

Micí Meabhrach

Scríofa ag Simon James agus aistrithe go Gaeilge ag Uinsionn Ó Domhnaill.

Foilsithe ag An Gúm.

Scéal faoi bhabaí óg atá an-chliste go deo atá ann. Bíonn an nuachtán á léamh aige, téann sé ar scoil, oibríonn sé mar dhoctúir san ospidéal agus téann sé amuigh sa spás. Is scéal iontach greannmhar é agus is breá leis na páistí é.

2015-05-14 19.53.11

Nóinín agus Róllaí Póllaí

Scríofa ag Eibhlís Ní Dhonnchadha agus maisithe ag Dómhnal Ó Bric.

Foilsithe ag An Gúm.

Scéal álainn le léamh ag tús an earraigh. Buaileann Nóinín le seilide, le h-éan atá gnóthach, le damhán alla atá dána, le beacha atá dúr, le féileachán atá galánta agus le cat atá crosta go dtí go n-aimsíonn sí a cara, Róllaí Póllaí faoi dheireadh. Bíonn bláthanna uilig an earraigh le feiceáil aici ar an mbealach. Tá ceithre amhráin bheaga mar chuid den scéal agus tá dlúthdhiosca a thagann leis an leabhar.

2015-05-14 19.54.53

Nóinín agus Siar Aniar!

Scríofa ag Eibhlís Ní Dhonnchadha agus maisithe ag Dómhnal Ó Bric.

Foilsithe ag An Gúm.

Sa leabhair seo tá Nóinín i mbun aicsin arís lena cairde éagsúla ón gcéad leabhar thús ach an uair seo is scéal samhraidh atá ann agus buaileann siad le portán darbh ainm Siar Aniar. Arís tá dlúthdhiosca leis agus tá na hamhráin go hiontach sa leabhair seo.

2015-05-14 19.55.06

Déanann Rosie Réidh

Scríofa agus maisithe ag Trisha Deery.

Foilsithe ag Dog Ears.

Is scéal álainn seo faoi chailín óg agus í ag gléasadh le dul ag cóisir bhreithlá. Tá na pictiúir álainn amach is amach agus osclaíonn amach cuid de na leathanaigh chun iad a dhéanamh níos mó. Seo i gcónaí ceann de na scéalta gur fearr leis na naíonáin.

2015-05-14 19.55.22

Vera agus a Veidhlín

Scríofa ag Máire Breatnach agus maisithe ag Robert Ballagh.

Foilsithe ag An Gúm.

Scéal álainn faoi Vera óg. Faigheann sí a céad veidhlín agus tosaíonn sí ag foghlaim conas é a sheinnt le cabhair ó Mhamaí agus ón múinteoir ceoil. Is treoirleabhar iontach é d’aon pháiste – ach go háirithe nuair atá siad ag tosú ar uirlis ceoil nua.

2015-05-14 19.54.05

Dónall an Chlúimh agus An-Ocras Air!

Scríofa ag Eric Carle agus aistrithe go Gaeilge ag Denis Courtney.

Foilsithe ag Scholastic.

Seo an scéal atá ar eolas againn go léir agus é go hálainn as Gaeilge. Níl páiste ar bith amuigh ansin nach mbeadh faoi dhraíocht ag breathnú ar Dhónaill agus é ag aistriú ina fhéileachán álainn.

2015-05-14 19.53.32

Spidey

Scríofa ag Carmel Uí Cheallaigh agus maisithe ag Fintan Taite.

Foilsithe ag Cló Mhaigh Eo.

Scéal iontach faoi Shéimí beag. Tá an-suim aige sna damháin alla agus tá samhlaíocht den chéad scoth aige. Dar leis, bíonn damháin alla le feiceáil i ngach áit. Baineann na páistí uilig sult as scéal seo – iad gur maith leo damháin alla agus iad go bhfuil eagla orthu rompu chomh maith.

2015-05-14 19.54.21

Is breá le Lúlú an Leabharlann

Scríofa ag Áine Nic Cuinn agus maisithe ag Rosalind Beardshaw.

Foilsithe ag Alanna Books.

Leabhar dheas seo ina dtéann Lúlú ag an leabharlann. Faigheann sí cárta leabharlainne, éisteann sí le scéal á léamh, roghnaíonn sí leabhair agus labhrann sí leis an mbeann atá taobh thiar den chuntar. Tagann CD leis an leabhar ar a bhfuil an scéal le cloisteáil i 22 teanga éagsúla.

2015-05-14 19.54.38

Bronntanas do Mhamaí

Scríofa ag Vivian French, aistrithe go Gaeilge ag Máire Nic Mheanman agus maisithe ag Dana Kubrick.

Foilsithe ag An Gúm.

Breithlá Mhamaí atá ann agus tá fadhbanna ag Séimí óg agus é ag déanamh iarrachta bronntanas a eagrú di. Sa deireadh, tugann sé bosca folamh di – atá lán go barr de phóga móra. Gleoite amach is amach.

2015-05-14 19.53.49

Cáca don Rí

Scríofa ag Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus maisithe ag Steve Simpson.

Foilsithe ag Futa Fata.

Tá Rúbaí ag déanamh cácá don Rí agus é fíor-thábhachtach go mbeadh sé foirfe. Airm luchóga a bhíonn ag cabhrú léi. Dar ndóigh, tarlíonn tubaiste agus ag an nóiméad deirneach bíonn ar gach éinne oibriú le chéile chun chóisir bhreithlá an Rí a shábháil.

2015-05-14 19.55.35

Freagra

Rangaithe faoi Litearthacht // Literacy