Cór Náisiúnta na nÓg // National Children’s Choir

ncc22018-09-10 12.05.50

Más rud é nár ghlac tu páirt riamh cheanna i gCór Náisiúnta na nÓg, molaim go mór duit triail a bhaint as i mbliana i gcomhair 2019.

If you’ve never taken part in the National Children’s Choir, I would really recommend getting involved for 2019.

Fact List // Liosta Firicí

  1. Bunaíodh Cór Náisiúnta na nÓg sa bhliain 1985 ag fear uasal darbh ainm Seán Creamer chun ceol a chur ar fáil do pháistí bunscoile na tíre seo. Bíonn sé ar siúl gach dara bliain agus éiríonn sé níos fearr gach uair. (Creid nó ná creid, chan mé sa chór mé féin ar ais sa chéad cúpla bliain) // The National Children’s Choir was established back in 1985 by a gentleman named Seán Craemer in order to make choral music available to primary school children all over the country. The programme takes place every second year and gets better every time. (Believe it or not, I sang in the choir myself back in it’s first initial )
  2.  Gach uair, glacann os cionn 8,000 páiste páirt, ag foghlaim na namhrán, ag cleachtadh in a gcuid scoileanna féin, ag dul go cleachtaí réigiúnacha, ag réitiú le haghaidh ceolchoirmeacha réigiúnacha agus faigheann cuid de na páistí seans canadh sa Cheoláras Náisiúnta. // Each cycle, over 8,000 children take part, learning the repetoire, practicing in their own schools, having regional rehearsals with other schools, preparing for regional concerts, and some children get to sing in the National Concert Hall.
  3. Faigheann múinteoirí an ceol uilig atá de dhíth, chomh maith le dlúthdhioscaí a chabhríonn leis an gceol ar fad a mhúineadh. Déantar chomh héasca agus is féidir é. // Teachers receive all of the necessary music to teach the programme, as well as various teaching CDs which make taking part as easy as possible.

 

2018-09-10 12.05.59-1

 

Conas mar atá Cór Náisiúnta na nÓg difriúl ó chóranna eile ar nós Peace Proms nó an Hallelujah Choir? // What makes the National Children’s Choir different from initiaves such as Peace Proms or the Hallelujah Choir?

  1. Tá réimse i bhfad níos leithne ceoil á mhúineadh i gCór Náisiúnta na nÓg, idir amhráin traidisiúnta,  amhráin clasaiceach, opera, popcheol, roc-cheol agus ceol nua-chumtha. Canann na páistí as Béarla agus as Gaeilge gach bliain agus uaireanta bíonn amhráin san Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Eabhrais, sa Laidin agus i dteangacha eile. // The diversity in the music taught is much greater in the National Children’s Choir, to include traditional songs, classical songs, opera, pop music, rock music and newly-composed music. The children sing in both English and Irish every year and usually in many other languages too, to include, French, German, Latin, Hebrew and many others.
  2. Tá an cheol agus na hamhráin níos dúshlánaí, agus mar sin níos mó oideachasúil ná mar atá sna tionscadal eile a luaigh mé thuas. Cé go mbíonn i gcónaí amhrán nó dhó atá ‘in unison’ canann na páistí don chuid is mó i dhá pháirt, agus uaireanta trí pháirt. Foghlaimíonn na páistí tráthúlacht, rithim agus comhcheol trí pháirt a ghlacadh. // The music and songs are more challenging, and therefore more educational, than the repetoires in other programmes such as the ones I mentioned above. While there are always one or two songs ‘in unison’, the children sing predominantly in two parts, sometimes in three parts. The children learn about timing, rithim and harmony by doing this.

 

2018-09-10 12.06.10-1

Céard atá le déanamh chun páirt a ghlacadh? // How do you take part?

Téigh go suíomh idirlín Chór Náisiúnta na nÓg chun do scoil a chomhcheangail. I ndiaidh sin a dhéanamh faigheann tú do phacáiste múinteoireachta agus faigheann tú amach na sonraí uilig maidir le cleachtaí is araile ag braith ar cén áit sa tír ina bhfuil tú. Caithfear comhcheangailt a dhéanamh roimh Aoine an 21ú Meán Fómhair seo!// Go to the National Children’s Choir website in order to affiliate your school. After affiliating you will recieve your teaching pack and you will also find out about the practices and other schools in your group, depending on where in the country you are located.

ncc

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s