Ag déanamh ime // Making butter

Is gníomhaíocht álainn seo le tabhairt faoi sa seomra ranga. Bhain na páistí fíor sult as fad is a bhí gnéithe de na curaclaim eolaíochta, stair agus tíreolas á chlúdú agat. Seo mar a rinneamar i Rang 6 é, ach d’fhéadfá é a dhéanamh in aon rang. D’úsáidfinn próca idir grúpa, b’fhéidir, leis na páistí óga ionas go mbeadh siad in ann an obair fisiciúil a roinnt.

This a great activity to have a go at. The children really enjoyed it while covering elements of the science, history and geography curricula. Here’s the rundown on how we did it in 6th class, but this could be done with younger age groups. I might do one jar per group with the younger children so that they can share the physical work of shaking the jar without tiring their arms.

Rudaí atá de dhíth : próca gloine le barr air do gach páiste (nó gach grúpa) – glanta agus an lipéid bainte de, uachtar (bhí thart timpeall ar 150ml an pháiste agam), gráinnín salainn do gach páiste agus arán le n-úsáid chun an t-im a bhlaiseadh ag deireadh.

What you need : a glass jar with a lid per child (or per group) – cleaned out and the label removed, regular cream (I had approximately 150ml per child), a pinch of salt per child and some bread to taste the completed butter on.

20170308_084807

Cuireann siad an t-uachtar agus an salann sa phróca agus dúnann siad é – go cúramach. Ansin bíonn orthu an próca a chroitheadh chomh tapaidh agus chomh láidir is gur féidir leo go dtí go mbíon an t-im le feiceáil sa phróca leis an mbláthach timpeall air. Tógann sé idir 5 agus 15 nóiméad orthu ag braith ar láidreacht an pháiste. Chuir muidne ceol ar siúl agus seo á dhéanamh againn agus bhí gach éinne ag cur allais go tapaidh.

They put the cream and the salt into the jar and close it – carefully. Then they just shake the jar as quickly and as strongly as they can until they can see the butter clumping with the buttermilk around it. It takes between 5 and 15 minutes, depending on the child’s strength. We put music on and danced while we were shaking. Everybody was working up a sweat quite quickly.

Ní gá ansin ach an bhláthach a bhaint ón bpróca (agus mhol mé dóibh é a bhlaiseadh) agus is é an t-im amháin atá fágtha.

All that’s left to do then is to remove the buttermilk (and I encouraged them to taste it in the process) so that only the butter remains.

Chuireamar ar an t-arán é agus bhlasamar é. Bhí siad ar fad sásta go raibh sé fiú níos deise ná an t-im a bhíonn ceannaithe againn.

We then spread some on our bread to taste it. The children were all chuffed and convinced that it was nicer than the butter that we buy.

20170308_11334220170308_113350

Bainigí triail as!

Give it a go!

 

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s