Córas Leabharlainne Ranga // Classroom Library System

20161003_172514

Shíl mé go roinnfinn libh an bealach go mbíonn eagrúchán déanta agam ar an leabharlann atá i mo sheomra ranga. Faighim go bhfuil córas faoi leith de dhíth chun na páistí a spreagadh chun léitheoireachta. Ní mór dúinn suim chruthú sna leabhair atá ann. Seo an córas atá agamsa.

I thought I’d share with you all how I organise my classroom library. I find that I need a system in order to help to inspire the children to read. We need to create interest in the books that are available. This is the system that I use.

20161003_172524

Ar dtús, bíonn na leabhair eagraithe agam sna ciseáin seo de réir seánra – rogha leabhar as Gaeilge agus as Béarla i ngach ceann acu.

Firstly, I organise the books in these baskets according to genre – a choice of books in Irish and in English in each one.

Tá na rialacha leabharlainne ar chrochadh agus bíonn an filteán leabharlainne i gcónaí ar bharr.

The library rules are hanging and our library folder is always sitting on top.

Nuair a thógann páiste leabhar amach, déanann siad dhá rud. Scríobhann siad isteach ainm an leabhair atá acu agus an dáta – agus ansin cuireann siad a phionna féin ar an gciseán as a tháinig an leabhar. Nuair a chríochnaíonn siad, líonann siad isteach an dáta ar a chur siad an leabhar ar ais agus cuireann siad an leabhar ar ais sa chiseán ina bhfuil a phionna.

When a childs takes out a book, they do two things. They write the name of the book and the date – and they place their peg on the basket where the book belongs. When they finish, they fill in the date of return and return the book to basket which contains their pin.

20161003_172634

Le linn na bliana, coiníonn gach páiste liosta de na leabhair uilig atá léite acu, cinn ón leabharlann ranga, chomh maith le leabhair eile a léann siad.

During the year, each child keeps a list of all the books they’ve read, those from the classroom library as well as any other books they read.

Tar éis leabhar a chríochnú, ní GÁ dóibh aon rud a scríobh faoi ar chor ar bith. Is dóthain é an léitheoireacht a dhéanamh ar son pléisiúir. Sin ráite, bíonn na teimpléid seo don léirmheas leabhair (Gaeilge nó Béarla) san fhilteán agus tugaim pointí Dójó sa bhreis d’aon pháiste a roghnaíonn ceann a scríobh. Tá ceann ar leibhéal níos ísle agam chomh maith do na ranganna níos óige.

Having finished a book, they don’t HAVE to write anything. It is enough to simply read for pleasure. However, these templates for book reviews (in Irish and English) are in the folder and I give extra Class Dojo points to children who choose to write one. I also have them at a lower level for the younger classes.

20161003_17270020161003_172539

Má bhaineann siad sult as leabhar áirithe, scríobhann siad faoi ar cheann de na cártaí molta seo agus crochann siad ar an mballa é in aice na leabharlainne. Spreagann seo páistí eile an leabhar céanna a léamh.

If they enjoy a particular book, they write about it  on one of these recommendation cards and they hang it on the wall beside the library. This encourages other children to read the same book.

20161003_172551

Ansin, tá an cnuasach speisialta. Bosca leabhar seo gur liomsa go pearsanta iad. Tuigeann siad go bhfuil siad speisialta agus go molaimse iad. Bíonn orthu cúig leabhair eile a léamh ar dtús roimh cead a lorg leabhar a thógáil ón gcnuasach seo. Cruthaíonn sé mistéir agus spreagann sé dóibh an léitheoireacht a choinneáil suas.

Then, there’s the special collection. This is a box of books which I own personally. The children understand that these are special and that I recommend them highly. They must read at least five other books before requesting permission to borrow a book from this collection. This creates an element of mystery and it motivates them to keep up their reading.

20161003_172546

Aon leabhar a bhíonn briste nó stróicthe, cuireann siad in ospidéal na leabhar é le bheith deisithe.

If a book becomes broken or torn, they put it in the book hospital to be repaired.

20161003_172719

Cé nach mbíonn seo in úsáid agam leis na páistí móra, tá sé sa phacáiste ionas gur féidir é a úsáid leis na páistí óga.

Although I don’t use this with the bigger kids, it’s in the package so that it can be used with the younger children.

leabharlann-ranga

Tá an pacáiste ar fad ar fáil anseo má tá suim agat é a cheannach.

The whole package is available here if you’re interested in purchasing it.

Freagraí: 3

Rangaithe faoi Uncategorized

3 fhreagra ar “Córas Leabharlainne Ranga // Classroom Library System

  1. I love the peg idea to know where to return the back! Brilliant organisational tips!!

    Moladh

  2. Ping: Mo Sheomra Ranga 2017 // My Classroom 2017 | Réalta Ranga

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s