Ceadúnas Pinn – Néatacht a chur chun cinn // Pen Licences – Developing neatness.

peannaireacht

Seo bealach go mbím in ann a bheith cinnte go mbíonn an obair á dhéanamh go néata ag na páistí i mo rang. I mo rang na rialacha ná go mbíonn orthu dáta agus teideal a chur ar chuile píosa oibre a dhéanann siad. Bíonn peannaireacht néata, ceangailte de dhíth atá soiléir agus éasca le léamh. Bíonn cead acu peann gorm nó dubh a úsáid. Ní ligim dóibh tarraingt ar na cóipleabhair (tugaim ‘doodle’ copies do na páistí go bhfuil gá leis).

Tosaíonn gach páiste amach ag scríobh le peann luaidhe amháin. Ní bhíonn cead acu peann a úsáid go dtí go bfhuil an ceadúnas pinn tuillte acu. Bíonn ar a laghad coicís ann ag tús na bliana go dtí go bhfaigheann éinne ceann. Nuair atá ceadúnas acu bíonn cead acu peann a úsáid. Ach, má bhíonn píosa oibre déanta acu nach bhfuil ar an gcaighdeán cuí, cuirim poll i mbosca amháin ar an gceadúnas (ar nós pointí ar cheadúnas tiomána). Tá trí bhosca. Má bhíonn trí pholl faighte acu, cailleann siad an ceadúnas agus bíonn orthu filleadh ar an bpeann luaidhe go dtí go bfhuil ceadúnas nua tuillte.

Faighim gur iontach agus éasca an bealach é gach duine a choinneáil néata agus a chinntiú go bfhuil iarracht á dhéanamh acu agus nach mbíonn an caighdeán ag sleamhnú nó ag ísliú. Má tá suim agat, is féidir iad a cheannach anseo.

20160919_085959  20160919_090024

This is how I ensure that the children in my class present their work neatly. In my class, the rules include that there must be a date and a title on every piece of work that they do. Their handwriting must be neat, cursive, clear and easy to read. I ask that they use only blue or black pen, and I don’t allow them to draw in their copies (though I have given ‘doodle’ copies to a couple of children, where necessary). 

To begin with, all of the children are only allowed to write with pencil. They cannot use pen until they’ve earned a pen licence. I have at least a fortnight at the beginning of the year where nobody gets their licence and we regularly discuss the requirements. They can use pen once they’ve earned their licence. However, if they do a piece of work which doesn’t reach the expected standard, I punch a hole in one box on the licence (like points on a driving licence). There are three boxes. If they get three holes, they lose their licence and must go back to using only pencil, until such time as they earn a new licence.

I find that it’s a great and an easy way to keep everybody working neatly and to be sure that the effort continues rather than slipping or lowering. If you’re interested, you can buy them here.

ceadunas-pinn

 

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s