Cartlanna Míosa: Meán Fómhair 2016

Ceadúnas Pinn – Néatacht a chur chun cinn // Pen Licences – Developing neatness.

peannaireacht

Seo bealach go mbím in ann a bheith cinnte go mbíonn an obair á dhéanamh go néata ag na páistí i mo rang. I mo rang na rialacha ná go mbíonn orthu dáta agus teideal a chur ar chuile píosa oibre a dhéanann siad. Bíonn peannaireacht néata, ceangailte de dhíth atá soiléir agus éasca le léamh. Bíonn cead acu peann gorm nó dubh a úsáid. Ní ligim dóibh tarraingt ar na cóipleabhair (tugaim ‘doodle’ copies do na páistí go bhfuil gá leis).

Tosaíonn gach páiste amach ag scríobh le peann luaidhe amháin. Ní bhíonn cead acu peann a úsáid go dtí go bfhuil an ceadúnas pinn tuillte acu. Bíonn ar a laghad coicís ann ag tús na bliana go dtí go bhfaigheann éinne ceann. Nuair atá ceadúnas acu bíonn cead acu peann a úsáid. Ach, má bhíonn píosa oibre déanta acu nach bhfuil ar an gcaighdeán cuí, cuirim poll i mbosca amháin ar an gceadúnas (ar nós pointí ar cheadúnas tiomána). Tá trí bhosca. Má bhíonn trí pholl faighte acu, cailleann siad an ceadúnas agus bíonn orthu filleadh ar an bpeann luaidhe go dtí go bfhuil ceadúnas nua tuillte.

Faighim gur iontach agus éasca an bealach é gach duine a choinneáil néata agus a chinntiú go bfhuil iarracht á dhéanamh acu agus nach mbíonn an caighdeán ag sleamhnú nó ag ísliú. Má tá suim agat, is féidir iad a cheannach anseo.

20160919_085959  20160919_090024

This is how I ensure that the children in my class present their work neatly. In my class, the rules include that there must be a date and a title on every piece of work that they do. Their handwriting must be neat, cursive, clear and easy to read. I ask that they use only blue or black pen, and I don’t allow them to draw in their copies (though I have given ‘doodle’ copies to a couple of children, where necessary). 

To begin with, all of the children are only allowed to write with pencil. They cannot use pen until they’ve earned a pen licence. I have at least a fortnight at the beginning of the year where nobody gets their licence and we regularly discuss the requirements. They can use pen once they’ve earned their licence. However, if they do a piece of work which doesn’t reach the expected standard, I punch a hole in one box on the licence (like points on a driving licence). There are three boxes. If they get three holes, they lose their licence and must go back to using only pencil, until such time as they earn a new licence.

I find that it’s a great and an easy way to keep everybody working neatly and to be sure that the effort continues rather than slipping or lowering. If you’re interested, you can buy them here.

ceadunas-pinn

 

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Stáisiúin sa Mhata // Maths Stations

Is iontach an bealach iad na stáisiúin deis a thabhairt duit an méad is mó gur féidir leat a dhéanamh as an t-am atá agat. Tá go leor leor buntáistí ag baint leo chomh maith.

  1. Is brea leis na páistí iad agus bíonn an-suim acu.
  2. Foghlaimíonn na páistí níos mó agus iad a ‘imirt cluichí’ agus ag tabhairt faoin bhfoghlaim ghníomhach.
  3. Tugann sé deis duit tabhairt faoin idirdhealú i mbealach atá fíor éifeachtach.
  4. Is féidir cleachtadh a dhéanamh agus tabhairt faoin measúnú go héasca sa bhealach seo.

Seo cúpla pictiúr de na páistí i mo rang féin ag tabhairt faoi na stáisiúin an tseachtain seo. Is féidir teacht ar na pacáistí ag na nascanna seo. Tá siad uilig as Gaeilge. Táim ag súil le níos mó a chur leis an méad atá ann ach tógfaidh sé roinnt ama.

  1. Luach Suíomh
  2. Achar
  3. Céatadáin
  4. Airgead
  5. Codáin

The stations are a great way to get the most done in the time you have. They have lots of other advantages too.

  1. The children really enjoy them and always show great interest.
  2. They learn more as they ‘play games’ and while they are actively learning.
  3. It gives you the opportunity to differentiate really effectively.
  4. It gives the children a great opportunity to practice the skills they’ve learned and gives us teachers a great opportunity to assess learning and inform future planning.

Here are a few pictures of the children in my class during stations this week. You can get the packages at these links. They are all as Gaeilge. I’m hoping to add to what’s currently available thoug it will take time.

  1. Place Value
  2. Area
  3. Percentages
  4. Money
  5. Fractions

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized