Ar Aghaidh Leat! – Cluiche Measúnuithe // Ar Aghaidh Leat! – Assessment Game

Ar Aghaidh Leat - Cluiche Foghlama   Seo cluiche go mbeidh in úsáid agam go minic i rith na bliana chun measúnú a dhéanamh i ndiadh topaicí éagsúla – b’fhéidir topaicí san OSIE, i ndiadh pointí gramadaí a fhoghlaim nó fiú chun measúnú a dhéanamh ar thopaic sa mhata – aon rud ar bith. Bíonn tasc-chártaí ann – ar a laghad ceann do gach páiste, ach níos mó más maith leat. Bíonn 60 soicind acu le gach cárta agus iad ag bogadh timpeall gach uair go gcloiseann siad na focail ‘AR AGHAIDH LEAT!’ Bíonn bileog acu chun na freagraí a scríobh síos agus is bealach iontach é tabhairt faoin measúnú go tapaidh agus go cruinn. Sin ráite, bíonn cleachtadh de dhíth orthu ar an mbealach gur cheart dóibh an chluiche a imirt, cén bealach le bogadh timpeall ó chárta go cárta, is ar uile. Sa leagan foghlama seo is tascanna agus ceisteanna randamacha agus amaideacha atá san áireamh ionas go mbíonn siad ag dul i dtaithí ar an gcóras ach ag baint sult as ag an am céanna. Is gníomhaíocht deas é ag tús na bliana nua. Seo mo rang á imirt an tseachtain seo. Tá sé ar fáil ar TpT leis an nasc seo : https://www.teacherspayteachers.com/Product/Ar-Aghaidh-Leat-Cluiche-Foghlama-Ar-Aghaidh-Leat-Practice-Game-2073096

This is a game that I’ll be using often during the year to assess the children’s learning after various topics – maybe SESE topics, after learning particular points of grammar or even to assess maths topics after completion – anything really. It uses task cards – at least one per child but more than that if you want / need. They have 60 seconds with each card and they move to the next cards every time they hear the words, ‘AR AGHAIDH LEAT!’ They have answer sheet to write on and it’s a great way to assess both comprehensively and quickly. That said, they need practice in how to play the game, how best to move from one card to the next, etc. In this practice version, there are silly and random tasks on each card so that they learn and practice the system but that they enjoy it at the same time. It makes a great back to school activity. This is my gang playing it this week. The game is available in my TpT store at this link:  https://www.teacherspayteachers.com/Product/Ar-Aghaidh-Leat-Cluiche-Foghlama-Ar-Aghaidh-Leat-Practice-Game-2073096

2015-09-01 13.34.48 2015-09-01 13.34.52 2015-09-01 13.41.40

2015-09-01 13.51.242015-09-01 13.44.01

Freagraí: 3

Rangaithe faoi Uncategorized

3 fhreagra ar “Ar Aghaidh Leat! – Cluiche Measúnuithe // Ar Aghaidh Leat! – Assessment Game

  1. Hi, tháinig mé ar do bhlag iontach trí thimpist. Is aoibhinn liom é agus táim ag súil go mór leis é a léamh go luath. Is breá liom do sheomra ranga mór millteanach! Tá rang 6 agamsa i ngaelscoil freisin, bfheidir go mbeidh suim agaibh i dteaghmháil a dhéanamh linn. Sgf

    Moladh

  2. Muidne i gCo. Chill Dara! Níl pingin rua agam ach Déardaoin beidh mé ag siopadóireacht, tá d’acmhainní iontach maith. Is breá liom obair ghníomhach a dhéanamh le na páistí i ngrúpaí, de ghnáth le stair, títeolaíocht eolaîocht agus ealaín nó litearthacht, táim ag súil le triail a bhaint as d’acmhainní go háirithe don mhata. Míle buíochas

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s