Ceisteanna as Gaeilge don Agallamh Múinteoireachta // Questions in Irish for Teaching Interviews

Bhí duine nó beirt agaibh i dteagmháil liom le déanaí ag iarraidh tacaíochta leis na ceisteanna as Gaeilge don agallamh múinteoireachta. Seo deich gceist a chuirtear go minic agus na freagraí a thabharfainn féin. Ní féidir liom a rá gurb é seo díreach atá gach uile príomhoide ag súil le cloisteáil. Ní ach mo fhreagraí féin atá ann. Níl mé i ndiadh aistriúchán a dhéanamh orthu go Béarla ach má tá aon ceist agat, déan trácht ar bhun agus tiocfaidh mé ar ais chugat. Tá súil agam go bhfuil siad cabhrach agus go n-éirí go geal l’éinne atá ag tabhairt faoi agallamh go luath.

One or two of you were in touch with me recently looking for support with regard to the questions as Gaeilge for teaching interviews. Here are ten questions that are regularly asked and the answers I would give myself. I can’t be certain that this is exactly what every principal is hoping to hear. They’re just my own personal answers. I haven’t translated them to English but if you have any queries , just comment below and I’ll come back to you. I hope they are helpful and I wish the very best of luck to anyone who has an upcoming interview.

1. An bhfuil suim agat sa Ghaeilge?

Tá suim mhór agam sa Ghaeilge. Is breá liom í a chloisteáil agus feicim le déanaí go bhfuil sí os mo chomhair amach níos minicí ná mar a bhíodh, tríd na meáin sóisialta ach go háirithe. Sílim go pearsanta gur teanga álainn í. Is aoibhinn liom chomh maith an chultúr, an cheol agus an traidisiúin a théann lámh le lámh leis an dteanga. Tá mé an-bhuíoch go bhfuil dóthain Gaeilge agam le bheith páirteach sa chultúr sin agus táim cinnte ag iarraidh an deis chéanna sin a thabhairt do na daltaí a bheadh os mo chomhair sa seomra ranga.

2. An bhfuil suim agat sa scéalaíocht agus san fhilíocht?

Is croílár aon teanga é an litríocht – is é an scéalaíocht agus an fhilíocht a léiríonn stair na teanga dúinn agus chomh maith le sin, is é an litríocht a choinnóidh an Ghaeilge ag fás amach anseo. Feicim an scéimh atá sna sean-dánta – ar nós saothair Antoine Ó Raifteirí ach is breá liom chomh maith scéalta agus dánta nua-aimseartha agus bheinn cinnte ag iarraidh seo a chur in iúl do na páistí – mar shampla, scéalta Áine Ní Ghlinn nó dánta Art Ó Súilleabhán.

3. Cad é do thuairim faoin nGaeilge labhartha sa lá atá inniú ann?

Feicim go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt na laethannta seo ná mar a cheapfá. Níl mórán iarrachta de dhíth ar chor ar bith le teacht ar an nGaeilge labhartha sa saol seo agus níl aon gá bheith sa Ghaeltacht ach oiread. Cabhríonn eagrachtaí ar nós an Cabaret Craiceáilte agus Gaelgáirí an Ghaeilge labhartha a choinneál beo don t-aos óg. Cé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na daltaí in ann an Ghaeilge a scríobh, tá an teanga labhartha níos tábhachtaí arís agus is bunús é don scríbhneoireacht. Más féidir linn, mar mhúinteoirí, cumas labhartha a thabhairt dár ndaltaí tá bunchloch iontach á roinnt againn leo.

4. An mbeadh tú muiníneach ag múineadh Gaeilge sa seomra ranga?

Bheinn, cinnte. Ní thuigim an fáth go gcloiseann muid faoin easpa muiníne chomh mór sin i measc múinteoirí bunscoile na tíre sin. Más rud é go bhfuil muid chun meon dearfach a chruthú sa seomra ranga i leith na Gaeilge – ní mór dúinn é a dhéanamh spraoiúil. Más féidir leat an mata nó an stair a dhéanamh spraoiúil, is féidir an rud chéanna a dhéanamh leis an nGaeilge. Ní ach i gcéimeanna beaga go mbíonn rialacha an teanga á mhúineadh againn agus mar sin, is éasca an rud é bheith cinnte go bhfuil an méid atá á mhúineadh againn i gceart, fiú muna bhfuil muid cinnte i gcónaí. Tá go leor tacaíochta do-chreidte ar fáil ar líne le cabhrú linn.

5. Conas is féidir suim a spreagadh sa Ghaeilge?

Is ceart seo a dhéanamh sa bhealach céanna ná mar a spreagadh suim in aon ábhair eile. Caithfidh an foghlaim a bheith déanta go spraoiúil, tríd cluichí agus comórtais, idir ICT agus páipéar, ag baint úsáide as ábhair concréiteacha, ag obair i ngrúpaí, ag tabhairt faoí tascanna gníomhacha agus ag baint úsáide as an gceol agus an drámaíocht chomh minic agus is féidir.

6. Cad é do thuairim faoin obair bhaile Gaeilge?

An rud is tábhachtaí faoin obair bhaile Gaeilge ná go mbeadh sé simplí, éasca agus ar chumas an pháiste gan aon dabht. Ní fiú aon rud atá ró-dheacair a sheoladh abhaile. Tárlaíonn sé ró-mhinic nach mbíonn tuismitheoirí in ann cabhrú lena bpáistí lena gcuid Gaeilge agus má bhíonn sé ró-dheachair, ní ach droch-mheon atá á chruthú agat. I gcás an litriú, táim den tuairim go gcaithfidh litriú Gaeilge a bheith múinte i gcónaí i gcomhthéacs teanga agus bheinn cúramach maidir le sin ó thaobh obair bhaile de.

7. Cén modhanna múinte a bheadh in úsáid agat ó thaobh múineadh na Gaeilge de?

Dar liom féin, an rud is tábhachtaí ó thaobh múineadh na Gaeilge de ná go mbeadh i gcónaí meascán leathan do na modhanna múinte agus na straitéisí éagsúla in úsáid againn. Sa bhealach seo, bíonn bealach éagsúla a n-oireadh do na foghlaimeoirí éagsúla atá sa rang. Tá sé tábhachtach go mbeadh na modhanna difriúla ag tabhairt seansanna do na páistí a gcuid céadfaí a úsáid ina gcuid foghlama – idir na modhanna closamhairc, closlabhartha agus lánfhreagartha gníomhaí, ach go háirithe. Bheinn ag súil le go leor straitéisí éagsúla a úsáid chomh maith chun an suim a mhuscailt, mar shampla – agallaimh, rólimirt, cluichí, drámaíocht, sceitsí, amhráin, dánta, agus rudaí ar nós díospóireachtaí agus cluichí gramadaí sna hardranganna.

8. Cén úsáid a bhainfeá as Gaeilge taobh amuigh den ábhar foirmúil féin chun atmasféar Gaelach a chothú sa scoil?

Tá an Ghaeilge neamhfhiormiúil rí-thábhachtach ní amháin sa seomra ranga, ach timpeall na scoile uilg chomh maith. Ní mór dúinn a chur in iúl do na páistí gur teanga beo í an Ghaeilge seachas díreach ábhar scoile. Bheinn cinnte go mbeadh treoracha agus ceisteanna sa seomra ranga tugtha agus curtha as Gaeilge chomh minic agus is féidir agus mbeadh an-chuid prionta Gaeilge, idir lipéid is ar uile, timpeall an seomra ranga. Bheinn ag tabhairt moladh ar leith ar son iarrachta sa Ghaeilge agus bheadh ‘Gaeilgeoir na Seachtaine’ a roghnú agam sa seomra ranga ag deireadh na seachtaine, agus duaiseanna gaelacha ar fáil don duine sin. Chun atmasféar Gaelach a chothú sa scoil is féidir cúpla seift an-simplí a chur i bhfeidhm – ach go háirithe sa chlós. Bheinn ag iarraidh go mbeadh ‘Cártaí Gaeilge’ ag na múinteoirí sa chlós agus go dtabharfadh siad do pháistí a labhraíonn Gaeilge iad – agus ag deireadh na seachtaine go meadh siad á chomhaireamh i ngach seomra. Uair sa téarma, d’fhéadfadh duais speisialta a bheith curtha ar fáil don rang Gaelach is fearr sa scoil. Freisin, bheinn ag iarraidh nascanna Gaelacha a dhéanamh le scoileanna eile áitiúla, ach go háirithe má tá Gaelscoil thart timpeall. Idir cuairteanna, glaochanna Skype, cluichí spóirt, díospóireachtaí is ar uile, curtha ar fáil trí mheán na Gaeilge, bheadh sé iontach soiléir dár ndaltaí gur teanga beo í an Ghaeilge is ní ábhar scoile amháin.

9. Cad a cheapann tú faoi churaclam na Gaeilge?

Sílim féin go bhfuil curaclam na Gaeilge go maith. Tá réimse leathan ann idir na téamaí éagsúla atá ann agus na modhanna múinte uilig atá molta. An áit go bhfeicim an fhadhb is mó ná i gcás cuid de na scéimeanna agus na téacsleabhair atá ar fáil. Ceapaim, in an-chuid dóibh, go mbíonn an iomarca béime ar an ndathú isteach sna bunranganna agus ar tascanna ‘líon na bearnaí’ agus a leithéid sna ranganna níos airde. Cé go bhfuil áit ann do na scéimeanna agus na téacsleabhair seo – agus cinnte, cuireann siad cruth ar mhúineadh an churaclaim – tá sé an-thábhactach go mbíonn an múinteoir muiníneach bogadh amach as na leabhair seo nuair is cuí chun an churaclam a mhúineadh go gníomhach trí labhairt agus cumarsáid.

10. Tá gramadach leadránach. Conas is féidir é a mhúineadh do rang a 6?

Níl mé den tuairim go bhfuil an ghramadach leadránach. Sílim féin go bhfuil go leor sásaimh ag baint le tuiscint gramadaí a fhorbairt – is cuma cén aois tú. Tugann an tuiscint seo muinín teanga do na páistí agus ligeann sé dóibh níos mó úsáide a bhaint as an bhfoclóir agus na frásaí agus nathanna cainte atá acu. Feiceann siad gur míreanna mearaí atá i gceist, go bunúsach, agus baineann siad sult agus sásamh as na míreanna uilig a chur le chéile. Ní féidir sin a dhéanamh gan tuiscint ar na rialacha gramadaí. Mhúinfinn na rialacha sin dóibh tríd cluichí, rímeanna, gníomhaíochtaí is ar uile. Baineann siad leas iontach as cluiche ‘leadóg fhocail’ gur féidir a imirt chun briathra a mhúineadh nó fiú na tuiseal éagsúla. Chomh maith le sin, is féidir go leor suime a spreagadh le cluichí ar na cláracha bána beaga. Is brea leis na páistí dul in iomaíocht lena chéile – cé go mbeinn cúramach nach mbeadh sin ag tarlú i gcónaí. Táim den tuairim chomh maith, gur féidir an-úsáid a bhaint as na stáisiúin agus an chomh-mhúinteoireacht ó thaobh múineadh na gramadaí de – go mbíonn sé cabhrach é a mhúineadh agus é a fhoghlaim tríd obair ghrúpa.

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s