Cartlanna Míosa: Lúnasa 2015

Sracamharc ar mo sheomra ranga // A Glance around my classroom

Seo an chaoi go bhfuil rudaí leagtha amach agam i mbliana le haghaidh Rang 6. Tosóidh mé le 4 phictiúr a ghlac mé ó na cúinní sa seomra agus beidh ansin na rudaí beaga 🙂

This is how I have things laid out this year for 6th class. I’ll start with 4 pictures taken from the corners of the room and then show you the smaller things 🙂

2015-08-28 16.09.262015-08-28 16.09.38

2015-08-28 16.09.522015-08-28 16.10.04Seo mo chúinne léitheoireachta 🙂 Cúpla chathaoir deasa ag breathnú isteach ar an leabharlann.

This is my reading corner 🙂 A couple of nice chairs looking in on the library shelves.

2015-08-28 16.10.40Seo cuid de na taispeántais atá tosaithe agam – ach cinnte beidh níos mó le dul suas i rith na míosa seo! Tús maith leath na hoibre a deirtear, nach ea?

Here’s a few of the displays that I’ve started with – obviously there’ll be more to come over the course of the first month! A good start’s half the job – isn’t that what they say?

2015-08-28 16.10.51  2015-08-28 16.11.09

2015-08-28 16.11.42   2015-08-28 16.13.22

2015-08-28 16.13.28   2015-08-28 16.15.13

2015-08-28 16.15.22   2015-08-28 16.15.27

Seo an spás ghrúpa atá agam. Bíonn seo in úsáid agam chun an léitheoireacht a chloisteáil, grúpa ag an am. Bíonn sé in úsáid go minic le linn na stáisiúin agus más rud é go bhfuil grúpa á thógáil ar taobh agam chun tacaíocht breise a thabhairt dóibh ag am mata. Tá go leor acmhainní ar na seilfeanna anseo chomh maith.

This is my group space. I use this space to hear the children reading, one group at a time. It’s often used during stations and  also if I’m taking a group to one side to give them extra support during maths. There’s also lots of supplies stored on the shelves in this area.

2015-08-28 16.12.02   2015-08-28 16.12.14

2015-08-28 16.12.22

Seo an stáisiún eagraíochta atá agam. Bíonn filteáin ag gach páiste, ina choiníonn siad a gcuid oibre go léir, bileoga oibre, cóipeanna, srl. Tá stápléirí, pollairí agus gliú ann ionas go mbeadh rudaí in ord agus in eagar.

This is my organisation station. Each child has a folder, in which they keep all of their work, worksheets, photocopies, etc. Theres staplers, hole punches and glue there so that things stay organised.

2015-08-28 16.12.31   2015-08-28 16.12.45

Seo an áit go mbeidh na téacsleabhair uilig nuair a thógann na páistí isteach ar an Luan iad. Beidh na cóipleabhair á choinneáil sna trádairí ar bharr.

This is where all of the textbooks will be stored when the children bring them in on Monday. The copies will be kept in the trays on the top.

2015-08-28 16.13.36

Mar is eol daoibh uilig, tá go leor pleanála déanta agam le haghaidh na stáisiúin. Is sa chófra seo go mbeach na hacmhainní uilig á stóráil agus nuair atá na stáisiúin ar siúl beidh na treoracha agus pé rud atá de dhíth uaidh gach grúpa cutha sna boscaí agam ar maidin ionas nach mbeidh le déanamh ach na boscaí a thabhairt amach. Éasca!

As you are all aware by now, I’ve done lots of planning for station teaching. It’s in this cupboard that I’ll be storing all of those resources and then when stations are happening  I’ll put the instructions and materials required for each station in the boxes that morning so that all that will be required is to hand out the boxes. Easy!

2015-08-28 16.13.44

2015-08-28 16.13.57   2015-08-28 16.14.11

Seo na jabanna ranga, seanfhocail, rialacha ranga, ríomhairí ranga agus cúpla rud eile a cheap mé b’fhéidir go mbeadh suim agaibh ann.

Here’s my classroom jobs list, seanfhocail na seachtaine, quote of the week, classroom rules, the classroom computers and a couple of other bits and pieces I thought you might be interested in.

2015-08-28 16.16.14   2015-08-28 16.15.51

2015-08-28 16.15.56   2015-08-28 16.15.04

2015-08-28 16.16.05   2015-08-28 16.16.18

2015-08-28 16.19.43   2015-08-28 16.11.22

2015-08-28 16.12.58   2015-08-28 16.11.28

Seo an clár bán réidh le dul. Bíonn an obair bhaile, focal an lae, word of the day agus an dáta i gcónaí ann san áit chéanna.

This is my whiteboard good to go. The sections for homeword, focal an lae, word of the day and the date stay always in the same place.

2015-08-28 16.16.31   2015-08-28 16.23.47

2015-08-28 16.23.22   2015-08-28 16.23.26

2015-08-28 16.23.35   2015-08-28 16.23.55

Agus ar deireadh, mo bhord féin agus m’áit ríomhaireachta féin.

And lastly, my own desk and my own computer station.

2015-08-28 16.13.11   2015-08-28 16.15.42

Sin é! Súil agam gur maith libh é agus b’fhéidir go mbeadh inspioráid le fáil ann ag duine éigean. Le bhur dtoil, má tá pictiúir agaibh de bhur seomraí ranga go mbeadh suim ag ár léitheoirí iontu, bígí cinnte iad a roinnt linn 🙂

That’s it! I hope you like it and that maybe somebody will get some kind of inspiration from it. Please share any photos you have of your classroom’s that you think readers might like 🙂

Freagraí: 4

Rangaithe faoi Acmhainní // Resources, Bainistíocht Ranga // Classroom Management

Tús Maith, Leath na hOibre – Gaeilge trí Ghaeilge!!

tóg-go-bog-é-agus-labhair-as-gaeilgeNuair a chloiseann daoine gur múinteoir gaelscoile mé freagraíonn siad i dhá bhealach. Deireann daoine nach múinteoirí iad, ‘ Oh, ba bhreá liom go mbeadh Gaeilge agam. Tá mo chuid Gaeilge go dona. ‘Sé an bealach ina múintear í.’ Fiafraíonn múinteoirí, ‘CONAS go dtuigeann na páistí? CONAS go n-éiríonn siad líofa?’ Sa bhlag seo, táim ag déanamh iarrachta na ceisteanna seo a fhreagairt agus le rá go bhfuil mé ar aon intinn, agus go bhfuil sé ag tarlú i bfhfad ró-mhinic nach bhfuil múineadh na Gaeilge chomh maith is gur cheart.

When people hear that I teach in a Gaelscoil they respond in one of two ways. Those who don’t teach usually say ‘Oh, I’d love to have better Irish. Mine’s terrible. It’s the way it’s taught.” Teachers generally ask ‘HOW do the kids understand? HOW do they become fluent? In this post, I’m aiming to answer the latter question and to agree, that far too often, teaching isn’t what it should be.

question markBhuel, CONAS go mbíonn daltaí sna gaelscoileanna in ann líofacht a bhaint amach? Tá sé thar a bheith simplí. Bíonn siad tumtha go hiomlán sa teanga ón nóiméad a shiúlann siad tríd an doras. Agus, mar a bhíonn i gcás aon teanga a fhoghlaim, cloiseann siad an teanga in úsáid, cloiseann siad na frásaí agus abairtí á athrá go minic agus mar gheall ar sin, éiríonn go seoigh agus go tapaidh leo an teanga a thuiscint agus a gcuid abairtí féin a chumadh. Béarla an teanga bhaile atá ag formhór na bpáistí agus mar sin, is ar scoil amháin go mbíonn an Ghaeilge á chloisteáil agus á n-úsáid acu. Céard a tharlódh dá labhródh múinteoirí sna Gaelscoileanna Béarla leo? Dá mbeadh muid ag tabhairt treoracha do na naíonáin bheaga as Béarla díreach toisc nach dtuigeann siad? Bhuel, go bunúsach, ní thuigfeadh siad riamh.

So, HOW do gaelscoil students gain fluency at the level they do? It’s really simple. They are completely immersed in the language from the moment they walk in the door. And, as is the case with any learner of any language, hearing the language being used, hearing repetition of phrases and sentences enables them extremely quickly to comprehend and to form their own sentences. The vast majority live in English-speaking homes and so it is only during school time that they hear and speak Gaeilge. What would happen if the múinteoirí in the Gaeilscoileanna were to speak English with them? What if we were to instruct the Junior Infants in English simply because they don’t understand? Well, quite simply, they never would.

Taobh amuigh de na Gaelscoileanna bíonn gearáin maidir le cumas Gaeilge na ndaltaí agus cumas Gaeilge na múinteoirí. Cé nach bhfuil éinne ag súil le líofacht sa Ghaeilge do na daltaí seo, is ar na fáthanna céanna gur ceart go mbeadh an Ghaeilge i gcónaí á mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Déanann sé ciall. Ní mar sin a bhíonn sé go minic, áfach. Sílim go n-admhódh formhór múinteoirí bunscoile nach bhfanann siad go hiomlán leis an nGaeilge le linn an cheachta Gaeilge. Cén toradh a bhíonn ann? Foghlaimíonn na páistí liostaí foclóra bunaithe ar na téamaí éagsúla ach ní bhíonn sé ar a gcumas acu abairtí a chruthú nó comhrá a bheith acu a dtéann níos faide ar aghaidh ná beannachtaí bunúsacha – bíonn sin fiú dúshlánach go minic.

So, outside of the Gaeilscoileanna the level of Irish of both students and some teachers in primary education is often criticised. While these students are not expected to be fluent, it is the same principles that dictate that Irish should be taught through Irish in primary school. It makes sense. However, it doesn’t happen all that often. I think most primary school teachers would admit that they don’t stick to Gaeilge during their Irish lessons. What’s the result? The children often learn lists of themed vocabulary but are usually completely unable to construct sentences and are unable to converse as Gaeilge much further than the absolute basics – even that is often a stretch.

uafásachCén fáth nach múintear an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge? Ní féidir liomsa go pearsanta a bheith 100% cinnte ach ghlacfainn tomhais gurb í an fhadhb ná easpa Ghaeilge ag múinteoirí iad féin chomh maith le múinteoirí nach bhfanann leis toisc nach dtuigeann na páistí láithreach – agus dhéanfadh muid aon rud chun saol éasca a bheith againn – nach ndéanfadh?

Why is it that teachers don’t teach Gaeilge trí mheán na Gaeilge? I can’t be personally 100% sure but I would guess that it’s a combination of teachers themselves having an inadequate command of the language and of teachers breaking down too quickly and easily when their students don’t understand almost immediately – and we all take short cuts for an easy life sometimes, don’t we?

PrintD’fhoilsigh Cigireacht n Roinne measúnú sa bhliain 2007 den teideal ‘Irish in the Primary School’, agus is fiú cinnte é a léamh. Moltar seo a leanas:

The Department of Education Inspectorate published an evaluation in 2007, ‘Irish in the Primary School’, which is definitely worth a read. This report recommends the following :

“The ability of teachers to speak and write Irish is an essential skill for all primary teachers.

Teachers who teach Irish need to be competent, accurate and have a strong language base. It is

recommended that every possible opportunity should be provided to improve teachers’

competency in Irish.”

“Irish should be strictly adhered to as the language used while teaching Irish lessons. Irish as a

living language needs to be used regularly outside the language lessons. It is recommended that

Irish be widely used as a language of communication amongst teachers and between teachers

and pupils in schools”.

Cén buntáistí a bhaineann le Gaeilge a úsáid i gcónaí chun an Ghaeilge a mhúineadh?

  1. Mar is eol dúinn uilig – foghlamaíonn páistí ón sampla atá os a gcomhair amach. Muna gcloiseann siad in úsáid an Ghaeilge – conas gur féidir linn a bheith ag súil go mbeadh sí á labhairt acu?
  2. Agus an teanga ar an gcluas acu, éiríonn na páistí feasach ar abairtí a chumadh.
  3. Feiceann na páistí gur teanga bheo í an Ghaeilge. Linn an cheachta, leanann saol an seomra ranga ar aghaidh as Gaeilge – fiú muna bhfuil i gceist ach an múinteoir ag tabhairt amach do dhuine éigean nó cuairteoir a fháiltiú ag an doras.

So what are the benefits of sticking to Irish as the language of instruction?

  1. As we all know – students learn by example. If they don’t hear it – how can we expect them to speak it?
  2. Children become familiar with the construction and formation of sentences.
  3. Children see that the language is alive. During the lesson, all of the usual classroom routines will happen through Irish – even if that’s simply the process of giving out to somebody or answering the door to a visitor.

Thumbs Up_Skin ColorGeallaim daoibh rud amháin – má thosaíonn tú an bhliain scoile nua ag múineadh Gaeilge trí mheán na Gaeilge, ní thógfaidh sé mórán ama go dtí go mbeadh do daltaí thar an iontas agus go dtuigfidh siad gurb é seo do bhealach. Tuigfidh siad chomh maith gur féidir leo tuiscint agus páirt a ghlacadh. Beidh níos mó muiníne ag na páistí agus agat féin. Is buaiteoir gach éinne!

One thing I will guarantee – if you start off the school year teaching Irish through Irish, your students will very quickly get over the shock and horror and realise that this is simply the way that you do things. They will also very quickly realise that they can do it too – that they can understand and participate. Their confidence will grow and your confidence will grow. Everyone’s a winner!

Gaeilge3An múineann tú Gaeilge trí mheán na Gaeilge cheanna féin? Nó ar bhreá leat é a dhéanamh dá mbeafeá in ann fáil réidh leis na constaicí éagsúla? An mbeadh sé níos éasca mar aidhm dá mbeadh tacaíocht agat? An mbainfeá triail as? Táim ag iarraidh teacht ar mhúinteoir amháin a bheadh sásta obair liom ar seo – agus an bhliain nua a thosú amach chun é a chruthú gur féidir seo a dhéanamh. Bheinn sásta tacaíocht a thabhairt – le scileanna Gaeilge an mhúinteora nó le bealaí agus seifteanna a thabhairt duit chun é a dhéanamh éasca ort agus ar do chuid daltaí. Tríd na dúshláin agus na torthaí a thaispeáint bheadh muid in ann bheith réalaíoch ó thaobh pleanála de don todchaí. Má tá suim agat bheith páirteach, téigh i dteagmháil liom ag realtaranga@gmail.com nó tríd leathanach facebook Réalta Ranga.

Do you already always teach Irish through Irish? Or do you wish you could overcome the obstacles that are stopping you? Do you think it might be a more attainable goal if you had some personal support? Would you be prepared to give it a go? I’m looking for one of you to begin this school year with the determination to do this – to be the proof that it can be done. I would like to support one of you to do this, be it in terms of helping you with your own language skills, double-checking your own Irish, or helping you to make the process as easy as possible for both you and your students. By documenting any struggles and also all of the successes and results, we could highlight the realities and potentially be part of future planning processes. If you’re interested in getting involved contact me by email at realtaranga@gmail.com or through the Réalta Ranga facebook page.

Freagra

Rangaithe faoi Litearthacht // Literacy

Cén chaoi pleanáil a dhéanamh don mhúinteoireacht stáisiúin // How to plan for station teaching

stations imageIs bealach iontach iad na stáisiúin seans a thabhairt do na daltaí topaic a chlúdú, ag cinntiú go bhfuil na foghlaimeoirí éagsúla san áireamh. Ligeann na stáisiúin dúinn tabhairt faoin obair ghrúpa, obair neamhspleách, obair gníomhach, feidhmiú praiticiúil, ionchorprú TFC agus seans don mhúinteoir obair a dhéanamh le grúpaí beaga. Má bhíonn cabhair nó tacaíocht ar fáil ó mhúinteoir eile nó CRS, is mór an cabhair sin, dar ndóigh, ach is féidir le múinteoir amháin na stáisiúin a éagrú leo féin gan amhras – tá sé uilig sa phleaneáil. Seo an bealach go mbíonn siad leagtha amach agamsa.

Station teaching is an excellent way to allow the students to cover a topic allowing for the different intelligences and learning styles while incorporating collaborative learning, individual learning, active learning, practical applications, incorporation of ICT and a chance for the teacher to work closely with small groups. If you have the help or support of a second teacher or an SNA, this can be of great help but one teacher can get stations up and running alone – it’s all in the planning. This is how plan for them.

Gach seachtain bíonn uair amháin agam do na stáisiúin uimheartha agus uair amháin do na stáisiúin liteartha (Gaeilge seachtain amháin agus Béarla an chéad seachtain eile). Bíonn 6 ghrúpa páistí agam le 6 gníomhaíocht éagsúla agus déanann siad 20 nóiméad ag aon stáisiún amháin. Ag deireadh na míosa bíonn 6 stáisiún Gaeilge, 6 stáisiúin Béarla agus 12 stáisiún Mata déanta ag gach páiste. Sa bhealach seo, bíonn dhá thopaic sa mhata clúdaithe in aghaidh na míosa agam chomh maith leis na scileanna éagsúla sa litearthacht. Seo Mí Mheán Fomhair, mar shampla.

Each week I have one hour for numeracy stations and one hour for literacy stations (Irish one week and English the next). I have 6 groups of children with 6 different activities and they spend 20 mins at each station. This means that at the end of the month each child has completed 6 Irish stations, 6 English stations and 12 Maths stations. Here’s my September, as an example.

Meán Fomhair / September :

Seachtain 1 :      Mata : Luach Suíomh – Stáisiún 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Gaeilge : Seit 1 – Stáisiúin 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Seachtain 2 :      Mata : Luach Suíomh – Stáisiún 4 – 6 (3 x 20 nóim)

Béarla : Seit 1 – Stáisiúin 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Seachtain 3 :       Mata : Achar – Stáisiún 1 – 3 (3 x 20 nóim)

Gaeilge : Seit 1 – Stáisiúin 3 – 6 (3 x 20 nóim)

Seachtain 4 :       Mata : Achar – Stáisiún 3 – 6 (3 x 20 nóim)

Béarla : Seit 1 – Stáisiúin 3 – 6 (3 x 20 nóim)

literacyGach mí, sna stáisiúin liteartha, bíonn seans ag gach páiste tabhairt faoi gníomhaíochtaí dírithe ar :

Each month, during literacy stations, each child has an opportunity to engage in activities based on :

  1. Labhairt / Oral Language
  2. Léitheoireacht / Reading
  3. Scríbhneoireacht / Writing
  4. Éisteacht / Listening
  5. Foclóir / Vocabulary
  6. Gramadach / Grammar

mathsI gcás an mhata de, seo an ord ina chlúdóigh mé na topaicí uilig – dhá cheann in aghaidh na míosa :

In the case of maths, this is the order in which I will cover all of the topics – two per month :

  1. Meán Fómhair / September : Luach Suíomh / Place Value

Achar / Area

  1. Deireadh Fómair / October : Céatadáin / Percentages

Airgead / Money

  1. Samhain / November : Codáin / Fractions

Fad / Length

  1. Nollaig / December : Deachúlacha / Decimals

Seans / Probability

  1. Eanáir / January : Iolrú / Multiplication

Uimhreacha Treocha / Negative Numbers

  1. Feabhra / February : Roinnt / Division

Meáchan / Weight

  1. Márta / March : Cruthanna 2-T / 2-D Shapes

Cruthanna 3-T / 3-D Shapes

  1. Aibreán / April : Línte & Uillineacha / Lines & Angles

Cothromóidí / Equations

  1. Bealtaine / May : Am / Time

Sonraí / Data

  1. Meitheamh / June : Toilleadh / Capacity

Uimhirsheichimh / Number Sequencing

Seo an teimpléad a bhíonn in úsáid agam chun cuspóirí foghlama chuile seisiúin a léiriú. Cuirim seo mo chuid pleanála coicíse agus le mo chuntas míosúil chomh maith.

This is the template that I use to document the learning objectives for each session. I include this in my fortnightly plans and in my cuntas míosúil too.

Stáisiúin Mhata - Airgead5Feicfidh sibh go bhfuil pacáisté d’acmhainní ar fáil i mo shiopa TpT do na stáisiúin uilig, litearthacht agus uimhreacht – pacáistí sa Ghaeilge (tá siad buí), pacáistí sa Bhéarla (tá siad dearg) agus pacáistí sa mhata (tá siad gorm). Seo samplaí thíos. Tá dóthain ann cheanna féin le haghaidh Meán Fómhair, Deireadh Fómhair agus Samhain. Táim ag súil go mbeadh pacáistí eile ar fáil go luat – Coinnigí súil amach.

You will see that there are some of my station packs already available from my TpT store for both literacy and numercy – Irish packs (these are yellow), English packs (these are red) and Maths packs (these are blue). You can see some samples below. There are enough available already for September, October and November. I hope that there will be further station packs available in the near future – Watch this Space.

Stáisiúin Mhata - Airgead4 Stáisiúin Gaeilge - Seit 1e Stations in English - Set 1e

Freagra

Rangaithe faoi Bainistíocht Ranga // Classroom Management, Litearthacht // Literacy, Uimhearthact // Numeracy

‘Blog Hop’ – Blaganna Múinteoireachta na hÉireann // Irish Teaching Blogs

Primary+Teaching+Bloggers+Ireland+Blog+Hop

Fáilte ag an gcéad ‘Blog Hop’ idir múinteoirí Éireannacha. Seans gur thug tú faoi deara le déanaí go bhfuil blaganna múinteoireachta ag tosú níos minicí ná riamh roimhe. Shocraigh muid teacht le chéile agus ár gcuid iarrachtaí a roinnt ionas go mbeadh sibh in ann teacht ar chuile rud beo atá de dhíth oraibh don seomra ranga. Ag bun an leathanaigh seo, tiocfaidh tú ar nasc i gcomhair blaganna agus leathanaigh Facebook na múinteoirí eile. Bain sult as breathnú orthu uilig.

Hello there and welcome to the Primary Teaching Bloggers Ireland first ever blog hop! You may have noticed an influx of Irish primary school teachers filling up your Facebook news feeds of late. Well, we’ve decided to get together and help one another to share our ideas and resources and to help you easily find resources specifically for the Irish classroom.

At the bottom of this post, you’ll be able to find the link to other Irish teachers’ blogs and Facebook pages. Have fun checking them out!

………………………………..

Mar sin de, seo cuid fúm féin agus mo bhlag.

So, to start, here’s a bit about me!

Blog Hop

Inis dúinn píosa fút féin agus do chuid taithí múinteoireachta :

Tell us a little bit about yourself and your teaching experience:
Is mise Aisling agus is múinteoir Gaelscoile mé. Tháinig mé ag an múinteoireacht déanach trí cháilíocht iar-chéime. Rinne mé dhá bhliain leis na Naíonáin Bheaga agus táim ag tabhairt faoi mo dara bhliain le Rang 6 anois. Is múinteoir ceoil mé agus cóitseálaí gleacaíochta chomh maith. Tá suim mhór agam sa Ghaeilge, dar ndóidh, agus sa cheoldrámaíocht do pháistí chomh maith. Mhúin mé Béarla go páistí sa Mheiriceá Theas ar feadh tamaill agus faoi láthair tá Spáinnis á mhúineadh agam, trí Ghaeilge, mar rang iar-scoile.

I’m Aisling and I’m a Gaelscoil teacher. I came to teaching later than most, through a postgraduate qualification. I spent two years with Junior Infants and I’m now heading into my second year with 6th Class. I’m also a music teacher and gymnastics coach. I am really interested in Irish, obviously, and also in musical theatre for children. I taught English to children in South America for a while and I now teach Spanish, through Irish, as an after-school class.

Cén rang ghrúpa ina mbíonn do chuid acmhainní / smaointe dírithe air?

What class level are your resources/ideas aimed at?
Is meascán ceart a bhíonn i gceist. Toisc go bhfuil Rang 6 á mhúineadh agam faoi láthair is dóigh go mbíonn tromlach in oirúint dóibh siúd, ach bíonn chuile rud á roinnt agam agus tá na hacmhainní a chuirim ar fáil an-mheascaithe ó thaobh aoisghrúpa de.

It varies hugely. As I’m currently teaching 6th class, I suppose that the majority are naturally suited to them, but I share anything that I like, regardless of class level, and the resources that I provide are very mixed in terms of agegroup.
Cén fáth gur thosaigh tú ag blagáil?

What made you want to start blogging?

Thosaigh mé díreach i mbliana. An phríomh-aidhm atá agam ná níos mó acmhainní múinteoireachta, as Gaeilge, a chur ar fáil. Cé go bhfuil cuid bheag ann cheanna féin, ó thaobh múineadh na Gaeilge de, tá sé fíor dheacair do mhúinteoirí Gaelscoile teacht ar acmhainní as Gaeilge chun na hábhair eile a mhúineadh, an mata, an eolaíocht, an stair, is ar uile. Bhí sé ag cur isteach orm go raibh orm rudaí a cheannach, agus ansin iad a aistriú roimh aon úsáid a fháil astu. Agus lion na ndaltaí sna gaelscoileanna ag méadú i gcónaí, shocraigh mé triail a bhaint as iad a chruthú mé féin.

I’ve only just started this year. My main aim is to make available more teaching resources, as Gaeilge. While there are a small amount out there already, for teaching Irish, it’s really difficult for gaelscoil teachers to find resources, as Gaeilge, for teaching the other subjects, maths, science, history, etc. It was frustrating me that I had to buy resources, and then translate them before I could use them. With the student numbers in the gaelscoileanna increasing all the time, I decided to to have a go at creating some myself.

Céard é an acmhainn saor in aisce is fearr leat atá roinnte agat?

What’s your favourite free resource that you have shared?
Is breá liom na Cártaí Gaeilge seo – atá úsáideach timpeall na scoile uilig. Cabhríonn siad le atmasféar Ghaeilge a cruthú in aon scoil – gaelscoil nó scoil Bhéarla.

These Cártaí Gaeilge – that are useful across the whole school. They help to create an atmosphere ‘Gaelach’ in any school – gaelscoil or not.

cártaí gaeilge

Céard é an acmhainn, agus costas air, is fearr leat atá roinnte agat?

What’s your favourite paid resource that you have shared?
Is breá liom na póstaeir seo atá simplí ach an-éifeachtach. Meabhríonn siad do na páistí cén bealach ceart na réamhfhocail a úsáid sa Ghaeilge. Insíonn siad dóibh cathain gur cheart séimhiú nó urú a úsáid. Dar liomsa, ba cheart go mbeadh siad i ngach seomra – Rang 1 – 6 sna gaelscoileanna agus Rang 4-6 sna scoileanna Bhéarla.

I love these posters as they’re simple but really effective. They remind the children how to use the prepositions correctly in Irish. They tell them when they should be using a séimhiú or an urú. Personally, I think they should be in every classroom – 1st to 6th class in the gaelscoileanna and 4th to 6th class in other schools.

réamhfhocail

Más rud é gur mhaith leat páirt a ghlacadh sa ‘blog hop’ seo, nó na blaganna eile a fheiceáil, téigh díreach ag an bpóstáil seo ar A Crucial Week agus glac páirt!

To join in the blog hop or to see all of the other blogs go to this post from A Crucial Week and join in.

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

Ceisteanna as Gaeilge don Agallamh Múinteoireachta // Questions in Irish for Teaching Interviews

Bhí duine nó beirt agaibh i dteagmháil liom le déanaí ag iarraidh tacaíochta leis na ceisteanna as Gaeilge don agallamh múinteoireachta. Seo deich gceist a chuirtear go minic agus na freagraí a thabharfainn féin. Ní féidir liom a rá gurb é seo díreach atá gach uile príomhoide ag súil le cloisteáil. Ní ach mo fhreagraí féin atá ann. Níl mé i ndiadh aistriúchán a dhéanamh orthu go Béarla ach má tá aon ceist agat, déan trácht ar bhun agus tiocfaidh mé ar ais chugat. Tá súil agam go bhfuil siad cabhrach agus go n-éirí go geal l’éinne atá ag tabhairt faoi agallamh go luath.

One or two of you were in touch with me recently looking for support with regard to the questions as Gaeilge for teaching interviews. Here are ten questions that are regularly asked and the answers I would give myself. I can’t be certain that this is exactly what every principal is hoping to hear. They’re just my own personal answers. I haven’t translated them to English but if you have any queries , just comment below and I’ll come back to you. I hope they are helpful and I wish the very best of luck to anyone who has an upcoming interview.

1. An bhfuil suim agat sa Ghaeilge?

Tá suim mhór agam sa Ghaeilge. Is breá liom í a chloisteáil agus feicim le déanaí go bhfuil sí os mo chomhair amach níos minicí ná mar a bhíodh, tríd na meáin sóisialta ach go háirithe. Sílim go pearsanta gur teanga álainn í. Is aoibhinn liom chomh maith an chultúr, an cheol agus an traidisiúin a théann lámh le lámh leis an dteanga. Tá mé an-bhuíoch go bhfuil dóthain Gaeilge agam le bheith páirteach sa chultúr sin agus táim cinnte ag iarraidh an deis chéanna sin a thabhairt do na daltaí a bheadh os mo chomhair sa seomra ranga.

2. An bhfuil suim agat sa scéalaíocht agus san fhilíocht?

Is croílár aon teanga é an litríocht – is é an scéalaíocht agus an fhilíocht a léiríonn stair na teanga dúinn agus chomh maith le sin, is é an litríocht a choinnóidh an Ghaeilge ag fás amach anseo. Feicim an scéimh atá sna sean-dánta – ar nós saothair Antoine Ó Raifteirí ach is breá liom chomh maith scéalta agus dánta nua-aimseartha agus bheinn cinnte ag iarraidh seo a chur in iúl do na páistí – mar shampla, scéalta Áine Ní Ghlinn nó dánta Art Ó Súilleabhán.

3. Cad é do thuairim faoin nGaeilge labhartha sa lá atá inniú ann?

Feicim go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt na laethannta seo ná mar a cheapfá. Níl mórán iarrachta de dhíth ar chor ar bith le teacht ar an nGaeilge labhartha sa saol seo agus níl aon gá bheith sa Ghaeltacht ach oiread. Cabhríonn eagrachtaí ar nós an Cabaret Craiceáilte agus Gaelgáirí an Ghaeilge labhartha a choinneál beo don t-aos óg. Cé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na daltaí in ann an Ghaeilge a scríobh, tá an teanga labhartha níos tábhachtaí arís agus is bunús é don scríbhneoireacht. Más féidir linn, mar mhúinteoirí, cumas labhartha a thabhairt dár ndaltaí tá bunchloch iontach á roinnt againn leo.

4. An mbeadh tú muiníneach ag múineadh Gaeilge sa seomra ranga?

Bheinn, cinnte. Ní thuigim an fáth go gcloiseann muid faoin easpa muiníne chomh mór sin i measc múinteoirí bunscoile na tíre sin. Más rud é go bhfuil muid chun meon dearfach a chruthú sa seomra ranga i leith na Gaeilge – ní mór dúinn é a dhéanamh spraoiúil. Más féidir leat an mata nó an stair a dhéanamh spraoiúil, is féidir an rud chéanna a dhéanamh leis an nGaeilge. Ní ach i gcéimeanna beaga go mbíonn rialacha an teanga á mhúineadh againn agus mar sin, is éasca an rud é bheith cinnte go bhfuil an méid atá á mhúineadh againn i gceart, fiú muna bhfuil muid cinnte i gcónaí. Tá go leor tacaíochta do-chreidte ar fáil ar líne le cabhrú linn.

5. Conas is féidir suim a spreagadh sa Ghaeilge?

Is ceart seo a dhéanamh sa bhealach céanna ná mar a spreagadh suim in aon ábhair eile. Caithfidh an foghlaim a bheith déanta go spraoiúil, tríd cluichí agus comórtais, idir ICT agus páipéar, ag baint úsáide as ábhair concréiteacha, ag obair i ngrúpaí, ag tabhairt faoí tascanna gníomhacha agus ag baint úsáide as an gceol agus an drámaíocht chomh minic agus is féidir.

6. Cad é do thuairim faoin obair bhaile Gaeilge?

An rud is tábhachtaí faoin obair bhaile Gaeilge ná go mbeadh sé simplí, éasca agus ar chumas an pháiste gan aon dabht. Ní fiú aon rud atá ró-dheacair a sheoladh abhaile. Tárlaíonn sé ró-mhinic nach mbíonn tuismitheoirí in ann cabhrú lena bpáistí lena gcuid Gaeilge agus má bhíonn sé ró-dheachair, ní ach droch-mheon atá á chruthú agat. I gcás an litriú, táim den tuairim go gcaithfidh litriú Gaeilge a bheith múinte i gcónaí i gcomhthéacs teanga agus bheinn cúramach maidir le sin ó thaobh obair bhaile de.

7. Cén modhanna múinte a bheadh in úsáid agat ó thaobh múineadh na Gaeilge de?

Dar liom féin, an rud is tábhachtaí ó thaobh múineadh na Gaeilge de ná go mbeadh i gcónaí meascán leathan do na modhanna múinte agus na straitéisí éagsúla in úsáid againn. Sa bhealach seo, bíonn bealach éagsúla a n-oireadh do na foghlaimeoirí éagsúla atá sa rang. Tá sé tábhachtach go mbeadh na modhanna difriúla ag tabhairt seansanna do na páistí a gcuid céadfaí a úsáid ina gcuid foghlama – idir na modhanna closamhairc, closlabhartha agus lánfhreagartha gníomhaí, ach go háirithe. Bheinn ag súil le go leor straitéisí éagsúla a úsáid chomh maith chun an suim a mhuscailt, mar shampla – agallaimh, rólimirt, cluichí, drámaíocht, sceitsí, amhráin, dánta, agus rudaí ar nós díospóireachtaí agus cluichí gramadaí sna hardranganna.

8. Cén úsáid a bhainfeá as Gaeilge taobh amuigh den ábhar foirmúil féin chun atmasféar Gaelach a chothú sa scoil?

Tá an Ghaeilge neamhfhiormiúil rí-thábhachtach ní amháin sa seomra ranga, ach timpeall na scoile uilg chomh maith. Ní mór dúinn a chur in iúl do na páistí gur teanga beo í an Ghaeilge seachas díreach ábhar scoile. Bheinn cinnte go mbeadh treoracha agus ceisteanna sa seomra ranga tugtha agus curtha as Gaeilge chomh minic agus is féidir agus mbeadh an-chuid prionta Gaeilge, idir lipéid is ar uile, timpeall an seomra ranga. Bheinn ag tabhairt moladh ar leith ar son iarrachta sa Ghaeilge agus bheadh ‘Gaeilgeoir na Seachtaine’ a roghnú agam sa seomra ranga ag deireadh na seachtaine, agus duaiseanna gaelacha ar fáil don duine sin. Chun atmasféar Gaelach a chothú sa scoil is féidir cúpla seift an-simplí a chur i bhfeidhm – ach go háirithe sa chlós. Bheinn ag iarraidh go mbeadh ‘Cártaí Gaeilge’ ag na múinteoirí sa chlós agus go dtabharfadh siad do pháistí a labhraíonn Gaeilge iad – agus ag deireadh na seachtaine go meadh siad á chomhaireamh i ngach seomra. Uair sa téarma, d’fhéadfadh duais speisialta a bheith curtha ar fáil don rang Gaelach is fearr sa scoil. Freisin, bheinn ag iarraidh nascanna Gaelacha a dhéanamh le scoileanna eile áitiúla, ach go háirithe má tá Gaelscoil thart timpeall. Idir cuairteanna, glaochanna Skype, cluichí spóirt, díospóireachtaí is ar uile, curtha ar fáil trí mheán na Gaeilge, bheadh sé iontach soiléir dár ndaltaí gur teanga beo í an Ghaeilge is ní ábhar scoile amháin.

9. Cad a cheapann tú faoi churaclam na Gaeilge?

Sílim féin go bhfuil curaclam na Gaeilge go maith. Tá réimse leathan ann idir na téamaí éagsúla atá ann agus na modhanna múinte uilig atá molta. An áit go bhfeicim an fhadhb is mó ná i gcás cuid de na scéimeanna agus na téacsleabhair atá ar fáil. Ceapaim, in an-chuid dóibh, go mbíonn an iomarca béime ar an ndathú isteach sna bunranganna agus ar tascanna ‘líon na bearnaí’ agus a leithéid sna ranganna níos airde. Cé go bhfuil áit ann do na scéimeanna agus na téacsleabhair seo – agus cinnte, cuireann siad cruth ar mhúineadh an churaclaim – tá sé an-thábhactach go mbíonn an múinteoir muiníneach bogadh amach as na leabhair seo nuair is cuí chun an churaclam a mhúineadh go gníomhach trí labhairt agus cumarsáid.

10. Tá gramadach leadránach. Conas is féidir é a mhúineadh do rang a 6?

Níl mé den tuairim go bhfuil an ghramadach leadránach. Sílim féin go bhfuil go leor sásaimh ag baint le tuiscint gramadaí a fhorbairt – is cuma cén aois tú. Tugann an tuiscint seo muinín teanga do na páistí agus ligeann sé dóibh níos mó úsáide a bhaint as an bhfoclóir agus na frásaí agus nathanna cainte atá acu. Feiceann siad gur míreanna mearaí atá i gceist, go bunúsach, agus baineann siad sult agus sásamh as na míreanna uilig a chur le chéile. Ní féidir sin a dhéanamh gan tuiscint ar na rialacha gramadaí. Mhúinfinn na rialacha sin dóibh tríd cluichí, rímeanna, gníomhaíochtaí is ar uile. Baineann siad leas iontach as cluiche ‘leadóg fhocail’ gur féidir a imirt chun briathra a mhúineadh nó fiú na tuiseal éagsúla. Chomh maith le sin, is féidir go leor suime a spreagadh le cluichí ar na cláracha bána beaga. Is brea leis na páistí dul in iomaíocht lena chéile – cé go mbeinn cúramach nach mbeadh sin ag tarlú i gcónaí. Táim den tuairim chomh maith, gur féidir an-úsáid a bhaint as na stáisiúin agus an chomh-mhúinteoireacht ó thaobh múineadh na gramadaí de – go mbíonn sé cabhrach é a mhúineadh agus é a fhoghlaim tríd obair ghrúpa.

Freagra

Rangaithe faoi Uncategorized

‘Seanfhocal na Seachtaine’ & ‘Quote of the Week’

Seanfhocal na SeachtaineQuote of the Week - English

Seo rud bheag a dhéanaim gach uile seachtain ar scoil agus feicim go gcuireann sé go mór le saol an seomra ranga i go leor bealaí éagsúla. Ag tús na seactaine bíonn seanfhocal nua, as Gaeilge, agus quote nua, as Béarla, á chrochadh agam. Labhraíonn muid faoin dá rud maidin Dé Luain, míníonn muid céard atá i gceist leo, bíonn plé againn ar an duine a dúirt, nó ar an stair atá taobh thiar de. Cuidíonn na seanfhocail go mór le Gaeilge na bpáistí, sa chaint, sa scríbhneoireacht, ó thaobh chultúr an teanga de, ó thaobh staire de agus baineann siad sult as úsáid a bhaint astu i rith na seachtaine. (Tugaim pointí ClassDojo dóibh más féidir iad a úsáid!!) I gcás na cinn as Béarla, bíonn siad spreagúil go nádúrtha agus faigheann na páistí muinín astu – i ngan fhios daoibh féin. Chomh maith le sin, is bealach deas, nádúrtha é na daoine a dúirt, a chur in iúl dóibh – údair, polaiteoirí cáilúila, ceannairí domhanda, filí, aisteoirí, is ar uile. Nós simplí agus éasca atá cabhrach gan dabht agus a chuireann leis an seomra ranga ag an am céanna. Tá sampla nó dhó thíos agus is féidir clicéail ar na híomhánna thuas le dul ag mo shiopa TpT chun iad a cheannach, má tá suim agat.

This is a little thing that I do every week at school and I see that it adds largely to classroom life in lots of ways. At the beginning of the week I hang a new seanfhocal (Irish proverb) and a new quote, in English. We speak about the two things every Monday morning, we explain what they mean, we discuss the person who said the quote and the history behind them. The proverbs really help the children with their Irish, both spoken and written, in terms of the culture of the language and from a historical point of view. The children enjoy using them whenever they can throughout the week. (I give them ClassDojo points if they can include them during the week!!). The Quote of the Week is always motivational by nature and the children gain encouragement and confidence from them – without even realising it. As well as that, it’s a lovely, natural way to introduce them to the various people who spoke the words – authors, famous politicians, world leaders, poets, actors, and more. Overall, this a simple and effective weekly routine and the nice colourful posters add to the classroom at the same time. There’s a couple of examples below and you can click on the images at the top to go to my TpT store where you can purchase them, if you’re interested.

Quote of the Week - English1 Quote of the Week - English2 Seanfhocal na Seachtaine1 Seanfhocal na Seachtaine2

Freagraí: 2

Rangaithe faoi Acmhainní // Resources, Bainistíocht Ranga // Classroom Management, Litearthacht // Literacy, OSIE // SESE